Oileán an Choraintín

Oileán é Oileán an Choraintín (Béarla: Ellis Island) atá suite i mBá Uachtarach Nua-Eabhrac (Upper New York Bay) agus é ina lárionad inimirce sna blianta 1892-1954. I rith na mblianta sin tháinig dhá mhilliún déag d'inimircigh go Stáit Aontaithe Mheiriceá trí Oileán an Choraintín.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachOileán an Choraintín
Ellis island air photo.jpg
(2006)
CineálOileán, díol spéise do thurasóirí agus National Monument of the United States (en) Aistrigh
Limistéar faoi chosaintStatue of Liberty National Monument (en) Aistrigh
Suíomh
IlchríochMeiriceá Thuaidh
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaitheNew Jersey
Map
 40°41′58″N 74°02′23″W / 40.6994°N 74.0397°W / 40.6994; -74.0397Comhordanáidí: 40°41′58″N 74°02′23″W / 40.6994°N 74.0397°W / 40.6994; -74.0397
FarraigeUpper New York Bay (en) Aistrigh
Tréithe
Airde2 m
Suíomh Oidhreachta Domhanda sealadach
AmAibreán 12, 2017
Aitheantóir6233
America's Most Endangered Historic Places (en) Aistrigh
Am1997
America's Most Endangered Historic Places (en) Aistrigh
Am1992
Gníomhaíocht
Úsáidáislann
BainisteoirNational Park Service (en) Aistrigh

Suíomh oifigiúil
Oileán an Choraintín

StairCuir in Eagar

Sna 19ú haois ar dtús, ní raibh san oileán ach dún agus bunáit le haghaidh longa an chabhlaigh mhíleata.

Triomaíodh cuid mhór de grinneall na mara timpeall ar an oileán sna blianta 1892-1934, agus cuireadh na tailte nua leis an oileán.

Sa bhliain 1965 rinneadh séadchomhartha náisiúnta den oileán in éineacht le Dealbh na Saoirse.

Sa bhliain 1990 cuireadh iarsmalann imirce ar bun san oileán.

Sa bhliain 1998 d'fhoráil Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe gur le Stát New Jersey a bhaineann an chuid is mó den oileán. Ba é an tuiscint a bhí ag na daoine ar feadh na mblianta fada gur cuid de Stát Nua-Eabhrac a bhí san oileán.