Páirtí Dlí agus Cirt (an Pholainn)
Páirtí polaitíochta sa Pholainn is ea Prawo i Sprawiedliwość, an PiS nó Páirtí Dlí agus Ceart, i bhfad amach ar an eite dheis. Bhí an PiS i gcumhacht idir 2015-2023 faoi cheannaireacht Jaroslaw Kaczynski. Le linn an ama sin, bheadh ar an bPiS comhoibriú le Konfederacja, páirtí polaitíochta eile i bhfad amach ar an eite dheis, a bhfuil cuid dá cheannairí antoisceach go leor agus báúil leis an Rúis. Mar sin mhúscail polasaithe an rialtais le linn a thréimhse in oifig a lán amhrais – an reitric náisiúnaíoch, an teannas leis an Aontas Eorpach agus leis an nGearmáin agus thar aon rud eile, géilleadh do shruth coimeádach ar leith san Eaglais Chaitliceach.[1]
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | páirtí polaitíochta | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | coimeádachas náisiúnta Polish nationalism (en) frithchumannachas solidarism (en) státachas pobalachas ar an eite dheas Eoraisceipteach economic nationalism (en) coimeádachas sóisialta Christian right (en) | ||||
Ailíniú polaitíochta | eite dheis | ||||
Foirm dlí | |||||
Téann in áit | Solidarity Electoral Action (en) | ||||
Dáta a bunaíodh | 13 Meitheamh 2001 | ||||
Bunaitheoir(í) | Lech Kaczyński, Jarosław Kaczyński agus Ludwik Dorn | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | European Conservatives and Reformists (en) | ||||
Ballraíocht | 45,000 (2021) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Ceanncheathrú |
| ||||
Uachtaránacht | Jarosław Kaczyński (2003–) | ||||
Ógeagraíocht | Law and Justice Youth Forum (en) | ||||
Sejm of the Republic of Poland (en) (2023) | 161 / 460 | ||||
Parlaimint na hEorpa (2019) | 24 / 705 | ||||
Senate of Poland (en) (2023) | |||||
Eile | |||||
Dath | |||||
Suíomh gréasáin | pis.org.pl | ||||
Polasaithe cuir in eagar
- Faoi pháirtí an PiS, cuireadh deireadh de réir a chéile le go leor de na srianta agus na cosaintí a bhíodh ann ionas go raibh smacht níos mó ag an bpáirtí ar institiúidí an stáit – na cúirteanna, na meáin phoiblí agus an próiseas toghcháin féin. Bhí an PiS ag iarraidh na meáin phoiblí agus na cúirteanna a chur faoi smacht.[2]
- Ó 2021, d'éirigh na dlíthe sa Pholainn maidir leis an nginmhilleadh níos déine ná i bhformhór thíortha na hEorpa.
- Cháin lucht feachtais LADT agus comhshaoil an páirtí chomh maith mar gheall ar a sheasamh i leith cúrsaí chearta an duine agus athraithe aeráide.
- Le linn 2022-2023, ghlac an PiS seasamh láidir maidir leis an gcogadh san Úcráin, ag tacú le hiomlán a nirt leis an tír a ionsaíodh, cé gur tharla méid áirithe easaontais idir an Pholainn agus an Úcráin le linn an fheachtais toghchánaíochta 2023.[1]
- Ceapadh breithiúna a bhí báúil leis an bpáirtí in ardchúirteanna na tíre. Seo ba chúis leis an aighneas idir an tAE agus páirtí PiS.
Toghchán parlaiminte na Polainne, 2023 cuir in eagar
Bhí an-imní ann go leanfadh an Pholainn bealach na hUngáire dá rachadh an páirtí i gcumhacht arís, agus inspioráid a fháil ó Viktor Orbán agus a gcuid polasaithe i bhfad amach ar an eite dheis.
I ndeireadh an dála, cé go bhfuair an PiS 'an bua' le 35% den vóta agus 194 feisire, bhí teacht ag an bhfreasúra ar 248 suíochán agus bhí páirtí Donald Tusk, an Platforma Obywatelska (PO), in ann comhrialtas leathan a dhéanamh.
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ 1.0 1.1 Radvan Markus (19 Deireadh Fómhair 2023). "Tá traidisiún an daonlathais go smior sna Polannaigh agus is maith gur léirigh siad sin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-10-19.
- ↑ "‘An lá leis an Pholainn, an lá leis an daonlathas’ – an móramh caillte ag páirtí rialtais na heite deise" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-10-16). Dáta rochtana: 2023-10-16.