Viktor Orbán
Is Príomh-Aire na hUngáire é Viktor Mihály Orbán. Rugadh é ar 31 Bealtaine 1963. Tá sé go mór ar an eite dheas.
Eachtraí
cuir in eagarSa bhliain 2015, tógadh balla ar an teorainn theas idir an Ungáir agus an tSeirbia chun inimircigh nó teifigh a choimeád amach. Tá an balla seo ceithre mhéadar ar airde agus 170 km ar fad.[1] D´fhógair Promh-aire na hUngáire Viktor Orbán tógáil an bhalla i Mí an Mheithimh 2015.
Ar an 15 Meán Fómhair 2015, bhí "staid éigeandála" fógraithe ag Orbán. Mhaígh sé go raibh os cionn "200,000 imirceach" tar éis a mbealach a dhéanamh isteach sa tír i mbliana, rud nach raibh fíor go baileach (níor fhan siad sa tír, thrasnaigh siad an Ungáir).[2][3]
De réir mar atá an tAontas méadaithe tá an riachtanas go mbeadh ballstáit ar aon fhocal ag éirí níos deacra le cur i bhfeidhm. Mar shampla chinn Orbán in 2023 cosc a chur le hairgead breise don Úcráin, agus na ballstáit eile ag cur go gníomhach ina choinne.[4]
I mí Nollag 2023, bhí sé ina imní ag an am go mbainfeadh Orbán leas as veto chun bac a chur ar chainteanna ballraíochta leis an Úcráin. Mhaígh sé nach ngéillfeadh sé do bhrú ó stáit eile san AE ach sa deireadh níor bhain sé leas as a veto.[5] Bhí Orbán i gcónaí i gcoinne na hÚcráine a bheith ina ball den Aontas. Ach shiúil sé amach as an seomra le linn do na ceannairí eile a bheith ag caitheamh vóta ar an gceist, rud a d’fhág gur glacadh leis an rún.[6] (Níos déanaí, vótáil Orbán i gcoinne pacáiste fóirithinte – gur fiú €50bn é - a thabhairt don Úcráin).
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Patrick Kingsley, Patrick Kingsley on the Serbo-Hungarian border (2015-06-22). "Migrants on Hungary's border fence: 'This wall, we will not accept it'" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2024-09-15.
- ↑ Nuacht RTÉ (2015-09-15). "Staid éigeandála fógartha ag an Ungáir" (as ga).
- ↑ bamf.de (2024-09-15). "BAMF - Bundesamt für Migration und Flüchtlinge - EMN Germany Paper - The changing influx of asylum seekers in 2014-2016: Germany's response". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-09-15. Dáta rochtana: 2024-09-15.
- ↑ Máirín Ní Ghadhra (18 Eanáir 2024). "Institiúidí an Aontais Eorpaigh agus ‘fadhb’ an daonlathas" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-15.
- ↑ "An tAontas Eorpach le tús a chur le cainteanna ballraíochta leis an Úcráin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-12-14). Dáta rochtana: 2023-12-14.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-12-15). "Bac curtha ag an Ungáir ar thuilleadh maoinithe don Úcráin" (as ga).