Tá obair tosaithe ar bhalla nua ar an teorainn theas idir an Ungáir agus an tSeirbia chun inimircigh a thagann ar an mbealach Balcánach a choimeád amach. Beidh an balla seo ceithre mhéadar ar airde agus 110 míle ar fad.[1]D´fhógair Promh-aire na hUngáire Viktor Orbán tógaíl an bhalla i Mí an Mheithimh 2015.Tá Príomh-aire na Seirbia, Aleksander Vucic go láidir i gcoinne an bhalla. 'Ní réiteoidh an balla seo fadhb ar bith,' a dúirt sé. Dúirt Seansailéir na Gearmaíne Angela Merkel nach ndéanann an balla ciall ar bith.

An Pápa Proinsias
Príomh-aire na hUngáire Viktor Orbán

Anuraidh ghlac an Ungáir le níos mó inimircigh in aghaidh an duine ná aon tír eile san Aontas Eorpach seachas an tSualainn.[2] De réir figiúirí rialtaise tá 60,000 tar éis teacht chun na hUngáire go dtí seo i mbliana, 80% díobh as an tSiria, An Iaráic agus An Afganastáin. Don chuid is mó iarann siad tearmann agus ansin bogann siad ar aghaidh go tíortha eile san Aontas Eorpach ar nós an Ghearmáin nó an tSualainn.

Tá saighdiúirí, priosúnaigh agus daoine ar shochair stáit ag obair ar an mballa, rud a cháin an AE go láidir.

' Leagamar ballaí le déanaí san Eoraip. Níl sé ceart nó cóir go bhfuilimid á dtógáil arís.' a dúirt úrlabhraí de chuid an AE.[3] Cháin urlabhraí de chuid na Náisiúin Aontaithe, Kitty McKinsey tógáil an bhalla. ´Tá ceart dosháraithe ag gach duine tearmann a lorg agus tearmann sábháilte a ghlacadh i Stát eile, ´a dúirt sí, ´Táimid buartha go gcruthódh an balla seo bac suntasach i gcoinne an chearta seo.´ [4] I Mí an Mheithimh d´éiligh an Pápa Proinsias níos mó measa dár ´deartháireacha agus deirfiúracha atá ag lorg tearmainn i bhfad óna dtíortha féin´. Cháin sé go hindíreach na daoine agus instidiúidí a dhúnann an doras in éadan éinne atá ag lorg clainne, éinne atá ag lorg cosanta.[5] Mar bhall den Aontas Eorpach, tá an Ungáir suite sa Limistéar Schengen murab ionann is an tSeirbia. Níl gá le pas chun taisteal idir an 26 thír sa Limistéar Schengen agus mar sin nuair a shroicheann inimircigh an Ungaír is féidir leo taisteal go héasca ó thír go tír. Tá an Bhulgáir ag obair ar bhalla den saghas céanna ar an teorainn leis an Tuirc.

Tagairtí cuir in eagar