Ceantar tuaithe in Victoria na hAstráile is ea Parwan. Tá an chuid is mó de le fáil laistigh de Shír Moorabool, agus baineann an chuid eile le Sír Melton.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilParwan, Victoria

Suíomh
Map
 37° 43′ 00″ S, 144° 27′ 00″ E / 37.7167°S,144.45°E / -37.7167; 144.45
Stát ceannasachan Astráil
Stát de chuid na hAstráileVictoria Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán170 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde140 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist3340 Cuir in eagar ar Wikidata

Tá ceangal idir stair Parwan, Melton agus Bacchus Marsh agus iad sa chrích ag a chéile. Tá Parwan suite ar an Machaire Thiar, réigiún a bhain leis na Wathaurong, pobal Bundúchasach, roimh theacht na nEorpach. Chruinníodh na Kurung-jang-balluk, fothreibh de na Wathaurong, ag Bacchus Marsh le haghaidh rincí, ach bhí a líon laghdaithe go mór faoi sheascaidí an 19ú haois.[1]

Tháinig na chéad Eorpaigh i dtríochaidí an 19ú haois, agus cuireadh réimsí móra caorach ar bun. Bhí os cionn 440,000 heicteár ag Simon Staughton, grásaeir a tháinig sa bhliain 1841. Tháinig bualadh mór ar bhóthar Ballarat nuair a thángthas ar ór sa bhliain 1851, rud a chuaigh i bhfeidhm ar an limistéar máguaird.[2]

Cuireadh fíonlann bheag ar bun in Parwan sa bhliain 2004 in aice le Taiscumar Melton.[3]

D'oscail stáisiún Parwan ar iarnród Ararat sa bhliain 1886 agus dúnadh é in ochtóidí an fichiú haois.[4]

D'oscail Oifig Poist Stáisiún Parwan ar 1 Meán Fómhair 1886. Tugadh Parwan uirthi sa bhliain 1914 agus dúnadh í sa bhliain 1962.[5]

Parwan Valley

cuir in eagar

Tá Gleann Parwan idir Raon Brisbane Ranges (ardán íseal), Páirc Stáit Mhám Werribee agus sléibhte na You Yangs. Bhí feirmeoireacht ar siúl ann ó ochtóidí an 19ú haois amach, ach d'éirigh an talamh an-salanda de dheasca dróchshaothrú, agus anois tá cuid den chreimeadh talún is measa in Victoria le feiceáil ann. Faoin mbliain 1948 measadh go raibh laghdú 20% tagtha ar thoilleadh ar Thaiscumar Melton de dheasca a raibh de ghlár ann. Roimh theacht na nEorpach bhí an áit faoi chrainn ghuma agus faoi fhéar dúchasach. Leagadh na crainn chun breis féaraigh a chur ar fáil, agus mhill beithígh, caoirigh agus coiníní an áit le ró-innilt. Tháinig méadú ar an méid maidhmeanna sléibhe agus thosaigh an "tollánú" - uisce ag dul faoi thalamh de bharr creimidh nó trí fhréamhacha feoite, agus poill á ndéanamh thíos dá bharr, rud a thaitin leis na coiníní.[6] Cheannaigh an Rialtas an Gleann go héigeantach agus tá an talamh á athchóiriú.

Tá Droim na hEilifinte Báine i lár an Ghleanna, agus tá poirt rite ar gach taobh de bharr ísliú urlár an Ghleanna tar éis oibriú bolcánach. Is ann atá neada iolar dingeireaballach, agus siorradh suas ann de bharr na leicne crochta.[7] Tá dhá abhainn sa Ghleann, Abhainn Parwan thiar agus Abhainn an Fhoinse thoir.

  1. Tá cuntas ar na Bundúchasaigh mar a bhí siad i ndaichidí an 19ú haois i ndialann Charles Griffith, grásaeir, agus tá fáil ar chuimhne cinn Joseph Lodge agus Mrs Catherine Kerr faoi na caogaidí agus faoi thús na seascaidí.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-10-30. Dáta rochtana: 2011-09-20.
  3. http://www.smh.com.au/news/Victoria/Melton/2005/02/17/1108500206930.html
  4. http://www.vrhistory.com/Locations/A029-Parwan.pdf Parwan
  5. https://www.premierpostal.com/cgi-bin/wsProd.sh/Viewpocdwrapper.p?SortBy=VIC&country= |Post Office List: Parwan
  6. http://www.dpi.vic.gov.au/dpi/vro/portregn.nsf/pages/werribee_parwan_valley Boucher, S.C.: 'Land degradation in the Parwan Valley'.
  7. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-11-05. Dáta rochtana: 2011-09-20.