Patrick Manson
Ba dhochtúir Albanach é Sir Patrick Manson GCMG FRS (3 Deireadh Fómhair 1844 – 9 Aibreán 1922) a rinne fionnachtana tábhachtacha sa tseadeolaíocht, agus ba bhunaitheoir réimse na míochaine trópaicí é. Bhain sé céim mháistreachta le Máinliacht, Dochtúireacht le Leigheas agus Dochtúireacht Dlí amach ó Ollscoil Obar Dheathain. Thrasnaigh a ghairmréim leighis thar an Téaváin, an tSín, Hong Cong, agus Londain. Fuair sé amach gur féidir an fhioláiriáis a tharchur trí mhuiscítí. Is é seo bunús na míochaine trópaicí nua-aimseartha, agus cuireadh an buafhocal '"Athair an Leighis Thrópaicigh" lena ainm. Bhain a fhionnachtain go díreach leis an teoiric muiscíte-maláire, a bheadh mar bhunús leis an mhaláireolaíocht. Sa deireadh bhí sé ina chéad Uachtarán ar an Royal Society of Tropical Medicine and Hygiene. Bhunaigh sé an Hong Kong College of Medicine for Chinese (a rinneadh ina chuid d'Ollscoil Hong Cong ina dhiaidh sin) agus an London School of Hygiene and Tropical_Medicine.[1][2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 3 Deireadh Fómhair 1844 Mealdruim, Scotland |
Bás | 9 Aibreán 1922 77 bliana d'aois Londain, England |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ruaig gúta) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Oilthigh Obar Dheathain University of Aberdeen School of Medicine (en) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Maláire agus seadeolaíocht |
Gairm | dochtúir leighis, feithideolaí, seadeolaí |
Fostóir | London School of Hygiene & Tropical Medicine (en) |
Ball de | An Cumann Ríoga (1900–) |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas | |
Ionfhabhtaíodh Manson leis an ghúta le linn a sheirbhíse sa tSín.[3] Chuaigh a riocht athfhillteach in olcas le haois. Fuair sé bás sa bhliain 1922.[4]
Óige agus oideachas
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Manson-Bahr, Patrick (1962). "Patrick Manson. The Father of Tropical Medicine". Thomas Nelson.
- ↑ Eli Chernin (1983). "Sir Patrick Manson: An Annotated Bibliography and a Note on a Collected Set of His Writings". Reviews of Infectious Diseases 15 (2): 353–386.
- ↑ To, Kelvin KW (2012). "In memory of Patrick Manson, founding father of tropical medicine and the discovery of vector-borne infections". Emerging Microbes & Infections 1 (10): e31. doi: . PMID 26038403.
- ↑ Jay (2000). "Sir Patrick Manson. Father of tropical medicine". Archives of Pathology & Laboratory Medicine 124 (11): 1594–5. doi:PMID 11079007. .