Patsy Gallant

aisteoir agus amhránaí Ceanadach

Amhránaí agus aisteoir Ceanadach is ea Patsy Gallant a rugadh ar 15 Lúnasa 1948 in Brunsuic Nua, Ceanada. As Acaid dá muintir. Tá cúigear deirfiúracha agus beirt deartháireacha aici. Tá a lán amhrán ráite aici i bhFraincis agus i mBéarla agus díol mór orthu ina lán tíortha.

Infotaula de personaPatsy Gallant

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith15 Lúnasa 1948
75 bliana d'aois
Campbellton, New Brunswick, New Brunswick Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, ban-aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1965 –
SeánraMiddle of the road (en) Aistrigh
TeangachaAn Fhraincis
UirlisCeol gutha
Lipéad ceoilColumbia Records
Attic Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0302545 Musicbrainz: ba27017b-19ad-4f33-b7bf-8c9677593d33 Discogs: 47437 Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha agus gairm cuir in eagar

Rinne Patsy a céad cheirnín i 1967 agus bhí sí i láthair ag a lán seónna ilsiamsa ar an teilifís. Bhí sí le cloisteáil i Montréal in éineacht leis an móramhránaí Charles Aznavour. I 1971 tháinig sí os comhair an phobail ar an teilifís i gcuideachta a lán réaltaí eile agus Christine Charbonneau ina measc.[1] Ba í Charbonneau a scríobh bunús na dtéacsanna do na chéad dá albam Fraincise aici ba mhó tábhacht: Patsy Gallant i 1972 agus Toi l'enfant i 1974. Columbia a chuir amach iad, agus is ann atá Tout va trop vite, Le lit qui craque, Un jour comme les autres, Thank You Come Again v.f. Chuir na hamhráin seo an rath uirthi ar liosta na gcnag Fraincise in Québec.[2].

Chuaigh sí i bhfeidhm ar an bhFrainc den chéad uair i 1972 de bharr an albaim Patsy Gallant a chuir CBS amach.[3] I 1972 agus i 1973 chuir sí amach na chéad dá albam Béarla aici: Upon My Ownagus Power. [4] Ach ní raibh an t-éileamh céanna orthu is a bhí ar an dá albam Fraincise.

I 1976 rinne Gallant seasamh nua i mBéarla leis an albam "Are You Ready for Love" . D’éirigh thar cionn ar fud an domhain leis an amhrán beoga dioscó From New York to L.A.

I 1993 rinne sí páirt Stella Spotlight i léiriú nua de Starmania[5] a cuireadh ar bun sa Théâtre Mogador i bPáras. I 2002 bhí sí páirteach i gceoldráma rac nua de chuid Luc Plamondon le ceol a chum Romano Musumarra[6]

Rinne sí páirt múinteora sa tríú agus sa chúigiú séasúr de Star Academy.

Dioscliosta cuir in eagar

Albaim cuir in eagar

  • Patsy Gallant Columbia (1972) (Eisíodh é sa Fhrainc i 1972.)
  • Upon My Own (1972)
  • Power (1973)
  • Toi l'enfant (1974)
  • Are You Ready For Love (1976)
  • Besoin D'Amour (1977)
  • Will You Give Me Your Love? (1977)
  • Patsy! (1978)
  • Et Star (1978)
  • Stranger in the Mirror (1980)
  • Amoureuse (1981)
  • Take Another Look (1984)

Bailiúcháin cuir in eagar

  • Greatest Hits / Ses Plus Grands Succès (1979)
  • Tout va Trop Vite (2005)

Dioscliosta 45 cuir in eagar

  • Pourquoi faut-il / Un jour comme les autres. Columbia 1972. Sorti en France 1972, CBS FR-8439 Série Gémini.
  • Cendrillon / Tout va trop vite. Columbia 1972, C4-7230, CDN. Sorti en France en 1972, CBS FR-1070,Série Gémini.
  • Le lit qui craque / Karaté. Columbia, Kébec Disc 1974, CBS 2755.
  • Je voudrais quelqu'un qui m'aime / Toi l'enfant. Columbia C4-4028.
  • Thank you come again v.f./ Pourquoi faut-il Columbia 1973, C4-7252
  • Karaté / J'aurais voulu t'aimer. Columbia 1974, C4-4064
  • Tout va trop vite / Un jour comme les autres. Columbia 1972, C4-7230
  • Tout va trop vite / Un jour comme les autres. Columbia 1972, C4-7230
  • Le lit qui craque / Un monde est en voie de naître Columbia 1974,C4-4078
  • Les femmes / J'ai le droit. CBS 1975, C4-4096.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Patsy Gallant connait ses premiers grands succès: Tout va trop vite, Thank You Come Again, Toi l'enfant, Le lit qui craque, Un monde en voie de naître",http://www.myspace.com/patsygallant
  2. "Patsy Gallant hits, Tout va trop vite, Le lit qui craque,Thank you come again (leagan Fraincise), Un jour comme les autres,",http://www2.banq.qc.ca/palmares/2010-Franco/Franco-Compilation_succes_ordre_alpha_interpretes.pdf Curtha i gcartlann 2012-04-25 ar an Wayback Machine
  3. http://www.encyclopedisque.fr/artiste/7026.html,
  4. "Patsy Gallant. Discographie"http://www.leparolier.org/quebecois/classartistes/p/patsygallant.htm Curtha i gcartlann 2011-11-09 ar an Wayback Machine
  5. "Starmania de Luc Plamondon et Michel Berger"http://www.radio-canada.ca/radio/profondeur/plamondon/episodes/index.shtml
  6. "Romano Masumarra, Compositeur de l'opéra-rock, Cindy"http://www.lexpress.fr/informations/le-match-cindy-le-petit-prince_649411.html

Naisc sheachtracha cuir in eagar