Paul L. Modrich

bithcheimiceoir Meiriceánach

Bithcheimiceoir Meiriceánach is ea Paul Lawrence Modrich (13 Meitheamh, 1946 ) agus ina Ollamh James B. Duke le Bithcheimic in Ollscoil Duke agus ina Imscrúdaitheoir in Institiúid Leighis Howard Hughes. Tá cáil air mar gheall ar an taighde a rinne sé ar dheisiú mí-oiriúnaithe ADN. [1] Bhain Modrich Duais Nobel na Ceimice 2015 amach, i gcomhpháirt le Aziz Sancar agus Tomas Lindahl. [2] [3]

Infotaula de personaPaul L. Modrich

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Paul Lawrence Modrich
13 Meitheamh 1946
77 bliana d'aois
Raton, New Mexico Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Stanford - céim dochtúireachta (–1973) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeimic, bithcheimic agus aigéad dí-ocsairibeanúicléasach
Gairmbithcheimiceoir, múinteoir ollscoile, ceimiceoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirDuke University School of Medicine (en) Aistrigh (2022–)
Howard Hughes Medical Institute (en) Aistrigh (1994–2019)
Duke University School of Medicine (en) Aistrigh (1988–2022)
Duke University School of Medicine (en) Aistrigh, ollamh (1984–1988)
Duke University School of Medicine (en) Aistrigh, ollamh comhlach (1980–1984)
Duke University School of Medicine (en) Aistrigh, ollamh cúnta (1976–1980)
Ollscoil California, Berkeley, ollamh cúnta (1974–1976)
Ollscoil Duke Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinbiochem.duke.edu… Cuir in eagar ar Wikidata

Luathshaol agus oideachas cuir in eagar

Paul Modrich é féin a chur i láthair

Rugadh Modrich ar 13 Meitheamh, 1946, i Raton, Nua-Mheicsiceo do Laurence Modrich agus Margaret McTurk. Tá deartháir níos óige aige Dave. Bhí a athair ina mhúinteoir bitheolaíochta agus ina chóitseálaí don chispheil, don pheil agus don leadóg in Ardscoil Raton mar ar bhain sé céim amach i 1964. [4] Is de bhunadh Crótach, Montainéagróch, Gearmánach agus Albanach (Gaelach) [5] é Modrich. Is dócha gur as sráidbhaile beag Modrići in aice le Zadar athair a athar, [6] agus a sheanmháthair de shliocht Montainéagróch, ar de bhunadh na Cróite é, agus chuaigh an bheirt ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe ón gCróit cois cósta ag deireadh an 19ú haois. [7] [8] Is de shliocht mheasctha Gearmánach agus Albanach-Éireannach é teaghlach a mháthar. [7] Phós Modrich comh-eolaí Vickers Burdett sa bhliain 1980. [9]

,Bhain Modrich amach céim B.S. ó Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts i 1968 agus ina dhiaidh sin céim Ph.D. ó Ollscoil Stanford i 1973. Lean sé ar aghaidh lena thaighde mar phostdoc i Lean sé dá thaighde iardhochtúireachta i saotharlann Charles C. Richardson i Scoil Leighis Harvard ar feadh bliana (1973-1974).

Taighde cuir in eagar

Rinneadh ollamh cúnta de Modrich i roinn cheimice Ollscoil California, Berkeley sa bhliain 1974. Thosaigh sé le dámh Ollscoil Duke i 1976 agus tá sé ina Imscrúdaitheoir Howard Hughes ó 1995 i leith. Oibríonn sé go príomha ar dheisiú mí-oiriúnaithe faoi threoir ribe. Léirigh a shaotharlann conas a fheidhmíonn mí-oiriúnaithe ADN mar chóipeagarthóir chun earráidí ó pholaiméaráis ADN a chosc. Tá imscrúdú déanta ag Meselson ar dheisiú ADN i gcealla agus ar an gcaoi a n-aithníonn agus a scriosann cealla ADN coimhthíoch, agus, le Werner Arber, bhí sé freagrach as teacht ar einsímí gearrtha. Rinne Modrich turgnaimh bhithcheimiceacha chun staidéar a dhéanamh ar dheisiú mí-oiriúnaithe in E. coli . [10] Ina dhiaidh sin chuardaigh sé próitéiní a bhain le deisiú mí-oiriúnaithe i ndaoine. [1]

Onóracha agus dámhachtainí cuir in eagar

I measc na n-onóracha agus na ndámhachtainí a fuair Modrich tá:

  • 1983: Gradam Pfizer sa Cheimic Einsím
  • 1996: Duais General Motors Charles S. Mott i dTaighde Ailse
  • 1998: Duais Taighde Leighis Fondúireacht Robert J. agus Claire Pasarow do thaighde ailse
  • 2000 Bonn Feodor Lynen
  • 2005: Bonn Onóra Chumann Ailse Mheiriceá
  • 2015: Duais Nobel sa Cheimic
  • 2016: Duais Gnóthachtála Saoil Arthur Kornberg agus Paul Berg sna hEolaíochtaí Bithleighis

Is comhalta é Modrich d' Acadamh Ealaíon agus Eolaíochtaí Mheiriceá agus ball d' Acadamh Náisiúnta an Leighis agus d' Acadamh Náisiúnta na nEolaíochtaí .

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "HHMI" defined multiple times with different content
  2. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". The New York Times.
  3. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Nobel Prize.
  4. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named :0
  5. Last name: McTurk
  6. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  7. 7.0 7.1 Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named NobelBio
  8. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". tportal.hr.
  9. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". News & Observer.
  10. Su (July 1986). "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}". Proceedings of the National Academy of Sciences of the United States of America 83 (14): 5057–61. doi:10.1073/pnas.83.14.5057. PMID 3014530. Bibcode1986PNAS...83.5057S. 

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  • Paul L. Modrich on Nobelprize.org