Paula Melvin
Is í Paula Melvin iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge.[1][2] Is as Baile an Alabhóidigh, i mBaile Átha Cliath í.[3] Toghadh Melvin ina huachtarán ar an eagraíocht teanga den chéad uair ag Ard-Fheis an Chonartha in 2022. Ba í Melvin an bhean ab óige a toghadh chun an róil agus í 29 mbliana d’aois nuair a toghadh den chéad uair í.[4] Chaith sí ocht mbliana mar uachtarán agus tánaiste na heagraíochta.[5]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1992 32/33 bliana d'aois |
Uachtarán Conradh na Gaeilge | |
Feabhra 2022 – 1 Márta 2025 – Ciarán Mac Giolla Bhéin → ![]() | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ![]() |
Áit chónaithe | Baile an Alabhóidigh |
Gníomhaíocht | |
Gairm | gníomhaí teanga ![]() |
Fostóir | Coimisiún Fulbright Conradh na Gaeilge ![]() |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla na hÉireann |
![]() ![]() ![]() |
Gairm bheatha
cuir in eagarIs de bhunadh na tuaithe in iarthar Átha Cliath í Melvin. Ba imreoir agus leasrúnaí í ar an gcumann peile Na Gaeil Óga CLG,
Agus í ag freastal ar Choláiste Phádraig i nDroim Conrach, bhí Melvin ina hOifigeach Gaeilge ar Aontas na Mac Léinn agus ina cathaoirleach ar an gCumann Gaelach. Bhí sí ina cathaoirleach ar chraobh de chuid an Chonartha in iarthar Átha Cliath ‘Pobal Gaeilge 15’.[6] Bhí sí ina ball coiste ar Bhuanchoiste an Chonartha, Coiste Chlub an Chonartha, Coiste Oireachtas na Gaeilge agus Coiste Stiúrtha Ógras.
Thosaigh Melvin ag obair mar thánaiste Chonradh na Gaeilge sa bhliain 2017.[7] Ceaptar gurb í an tánaiste is óige a bhí ag Conradh na Gaeilge ó bunaíodh é.
Tá sí ina ball de Choiste na Gaeilge i gComhairle Contae Fhine Gall,
Toghadh Melvin mar uachtarán Conradh na Gaeilge ar 25 Feabhra 2022 ag ardfheis Chonradh na Gaeilge.[8] Ina hóráid ghlactha, dúirt sí:
I measc na mór-spriocanna atá agam don bhliain atá amach romhainn tá an Polasaí Náisiúnta don Phleanáil Tithíochta. Is gá sin a bhaint amach don Ghaeltacht gan a thuilleadh moille agus an feachtas sin a bhrú ar aghaidh go mór, le cinntiú go mbeidh pobal na Gaeltachta in ann cónaí ina gceantar féin trína dteanga féin.
Atoghadh arís in 2023 agus 2024 í. D'fhógair sí i mí Eanáir 2025 nach lorgódh sí téarma eile ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2025.[5]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ RTÉ News / Teresa Mannion (2022-02-26). "First woman president of Conradh na Gaeilge since 1995" (as en).
- ↑ "My Farming Week: Paula Melvin, Kilmartin Lane, Hollystown, Dublin" (en). www.farmersjournal.ie. Dáta rochtana: 2022-12-27.
- ↑ Kayla Walsh (2019-07-14). "Dublin bride Paula Melvin opens up about her breathtaking destination wedding" (en). RSVP Live. Dáta rochtana: 2022-12-27.
- ↑ Bhí beirt bhan eile ina n-uachtarán roimpi – Íte Ní Chionnaith (1985-1989) agus Áine de Baróid (1994-1995).
- ↑ 5.0 5.1 Maitiú Ó Coimín (14 Eanáir 2025). "Cinneadh déanta ag uachtarán Chonradh na Gaeilge gan téarma eile a lorg" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-14.
- ↑ a thagraíonn don chód poist atá sa cheantar ‘Baile Átha Cliath 15’
- ↑ "Paula Melvin ceaptha ina Tánaiste ar Chonradh na Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-08.
- ↑ "Paula Melvin tofa mar Uachtarán úr ar Chonradh na Gaeilge ag an Ard-Fheis i nGaillimh; deireadh le ré 5 bliana Niall Comer agus buíochas mór gafa leis An chéad Uachtarán mná tofa mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ó 1994-5. - Conradh na Gaeilge | Ar son phobal na Gaeilge". cnag.ie. Dáta rochtana: 2022-12-08.