Peiptídigliocán
Polaiméir is ea peiptídigliocán, ar a dtugtar múirein, comhdhéanta de siúcraí agus aimíonaigéid, a dhéanann ciseal cosúil le mogalra lasmuigh den chillscannán den chuid is mó de na baictéir, rud a chuimsíonn an cillbhalla. Is éard atá sa chomhábhar siúcra ná iarmhair mhalartacha de β- (1,4) N-aicéitil-glúcósaimín (NAG) nasctha agus aigéad N-aicéitil-múramic (NAM). Tá slabhra peiptíd de thrí go cúig aimíonaigéad ceangailte leis an aigéad N-aicéitil-múramic. D'fhéadfaí an slabhra peiptíde bheith trasnasctha le slabhra peiptíde de shnáithe eile chun ciseal mogalra tríthoiseach (3T) a dhéanamh.[1] Bíonn ról struchtúrtha ag peiptídigliocán sa chillbhalla baictéarach, ag tabhairt neart struchtúrtha, chomh maith le bheith ag gníomhú in aghaidh bhrú osmóisigh an chíteaplasma. Míthuiscint choitianta is ea í go dtugann peiptídigliocán cruth don chill; mar sin féin, cé go gcuidíonn an peiptídigliocán le neart struchtúrtha na cille a choimeád, i ndáiríre is í an phróitéin MreB a réitíonn cruth na cille.[2][3][4] Tá peiptídigliocán páirteaí i eamhnú le linn athghiniúna na cille baictéaraí.
Struchtúr
cuir in eagar-
Struchtúr peiptídigliocáin.
-
Cillbhalla gram-dhearfach
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Animation of Synthesis of Peptidoglycan Layer". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-01-13. Dáta rochtana: 2018-03-01.
- ↑ "Filament structure, organization, and dynamics in MreB sheets" (2010). The Journal of Biological Chemistry 285 (21): 15858–65. doi: . PMID 20223832. PMC:2871453.
- ↑ "Prokaryotic origin of the actin cytoskeleton." (2001). Nature 413 (6851): 39–44. doi: . PMID 11544518.
- ↑ "Bacterial actin MreB assembles in complex with cell shape protein RodZ." (2010). EMBO J 29 (6): 1081–90. doi: . PMID 20168300.