Athchruthú teoiriciúil is ea an Periplus Massiliach de pheriplus (nó lámhleabhar seoltóireachta) den 6ú haois RC, molta ag Adolf Schulten.[1][2][3] Déantar cúr síos ann ar turas ó Oestrymnis, Pointe du Raz, an Bhriotáin an lae inniu, chuig Massilia, Marseille an lae inniu.

Chreid Schulten gur féidir an Periplus Massiliach a fheiceáil i bhfoirm dáin san Ora Maritima le hAvienus. Séanann scoláirí eile go bhfuil a leithéid ann.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Barry Cunliffe, Iron Age Britain, English Heritage, Londain, 1995, lch. 38. ISBN 0-7134-8839-5.
  2. John Taylor, Albion: the earliest history" (Baile Átha Cliath, 2016)
  3. The Extraordinary Voyage of Pytheas the Greek: The Man Who Discovered Britain (2001), Walker & Co; ISBN 0-8027-1393-9 (2002 Penguin eag. le haguisín nua: ISBN 0-14-200254-2)