Ora Maritima
Dán nó periplus fileata is ea Ora Maritima ("Cois farraige") scríofa ag an bhfile Rómhánach den 4ú haois AD, Avienus. Tiomnaíodh an saothar do Sextus Claudius Petronius Probus.
![]() | |
Cineál | dán ![]() |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Avienus (en) ![]() ![]() |
Seánra | dán ![]() |
Meastar go bhfuil iasachtaí sa dán ón Periplus Massiliach den 6ú RC.[1][2] Téacs ársa eile luaite ag Avienus is ea Periplus Himilco, cúr síos ar turas Púnach ar mhuir iarthar na hEorpach, a tharla ar chomh am le timpeallú na hAfraice le Hanno, c. 500 RC.[3] Tá an téacs iomlán fréamhaithe ó fhoinse lámhscríbhinne amháin, faighte san editio princeps foilsithe san Veinéis sa bhliain 1488.[4]
Is scéal é Ora Maritima don léitheoir seachas an turasóir, cúr síos mearaithe ar cheantair cois farraige an domhain aitheanta. Mar shampla, léirigh eagarthóir amháin, Berthelot, go raibh tomhais tíre Avienus fréamhaithe ó chúrsaí taistil Rómhánaigh ach go raibh roinnt sraitheanna bun os cionn. Maidir le roinnt ainmneacha ar chósta Spáinne, dúirt Berthelot:
- "The omission of Emporium, contrasting strangely with the names of Tarragon and Barcelona, may characterize the method of Avienus"[5]
Le gairid, tá spleáchas saontach eagarthóra eile, an staraí-seandálaí, Adolf Schulten, ar chruinneas Avienus coigeartaithe ag scoláirí.[6]
Faightear san Ora Maritima tagairtí d'oileáin Ierne – insula sacra – agus Albion, Éire agus An Bhreatain faoi seach,[7] a bhíodh a gcónaithe ag trádáil leis na hOestrymnides as an mBriotáin.[2] Déantar tagairt fosta do Cypsela, chathair is dócha miotasach ar chósta na Catalóine.rann 521
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Ora maritima as Laidin
- Ora maritima, editio princeps, via archive.org
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Donnchadh Ó Corráin, "Prehistoric and Early Christian Ireland", in The Oxford Illustrated History of Ireland, R.L. Foster, eag. (Oxford University Press) 2000 ISBN 0-19-289323-8
- ↑ 2.0 2.1 "Avienus, Rufus Festus", The Concise Oxford Dictionary of Archaeology, Timothy Darvil, eag. (Oxford University Press) 2002
- ↑ ...sicut ad extera Europae noscenda missus eodem tempore Himilco. Toer, H. F. (2008). A History of Ancient Geography. Read Books, lch. 109. ISBN 1-4437-2492-0
- ↑ Avienus, Rufius Festus and Murphy, J. P. (1977) Ora maritima: or, description of the seacoast from Brittany round to Massilia. Ares Publishers, lch. 100. ISBN 0-89005-175-5
- ↑ Barthelmy, réamhrá.
- ↑ Schulten, Avienus, (Barcelona/Berlin) 1922.
- ↑ "Ireland and the Classical World" 28.