Peter O'Connor (lúthchleasaí)
Lúthchleasaí Éireannach ab ea Peter O'Connor (24 Deireadh Fómhair 1872 – 9 Samhain 1957) a bhain curiarracht dhomhanda amach sa léim fhada agus a bhuaigh dhá bhonn Oilimpeacha sna Cluichí Idirsháite i 1906.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Deireadh Fómhair 1872 Cumbria, England |
Bás | 9 Samhain 1957 85 bliana d'aois Port Láirge, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Airde | 186 cm |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iomaitheoir lúthchleasaíochta, léimneoir fada |
Ball de | |
Tír spóirt | Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann |
Spórt | lúthchleasaíocht |
Disciplín spóirt | léim fhada |
Ghlac sé/sí páirt i | |
1906 | Cluichí Idirsháite 1906 |
Luathshaol
cuir in eagarRugadh O'Connor in Millom, Cumberland, Sasana, ar 24 Deireadh Fómhair 1872, ach tógadh i gCill Mhantáin é. Chuaigh sé isteach i gCumann Lúthchleas Gael (CLG) in 1896. Sa bhliain 1899 bhuaigh sé boinn Uile-Éireann sa léim fhada, sa léim ard, agus sa léim thriarach. Thar na deich mbliana tar éis sin, fuair sé an lámh in uachtar ar lúthchleasaithe na Breataine i gcomórtais idirnáisiúnta, agus dá bharr sin, thug Cumann Lúthchleas Amaitéarach na Breataine cuireadh dó páirt a ghlacadh sna Cluichí Oilimpeacha i 1900 ar son na Breataine. Dhiúltaigh O'Connor, toisc gur theastaigh uaidh páirt a ghlacadh faoi bhratach na hÉireann amháin.
Curiarracht dhomhanda
cuir in eagarI Meitheamh 1900, ba é Myer Prinstein ó Ollscoil Syracuse a raibh an churiarracht dhomhanda sa léim fhada aige: 24 troigh, 7¼ orlach (~7.50m). Sna blianta 1900 agus 1901, agus é in iomaíocht ar son Chumann Lúthchleas Amaitéarach na hÉireann (IAAA), bhain O’Connor roinnt curiarrachtaí domhanda neamhoifigiúla amach sa léim fhada. Ansin, bhris sé an churiarracht dhomhanda go hoifigiúil le léim 24 troigh, 9 orlach (~7.54m) ar thailte Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath ar 27 Bealtaine 1901. Ar 5 Lúnasa 1901, léim sé 24 troigh 11¾ orlach (7.61m) i mBaile Átha Cliath. Ba é seo an chéad churiarracht dhomhanda sa léim fhada aitheanta ag an IAAF (a bunaíodh sa bhliain 1912). Bhí sé ina scéal mór ag an am, léim a bhí beagáinín níos lú ná 25 troigh (7.62m), agus níor sáraíodh an churiarracht ar feadh 20 bliain. Níor mhair ach trí churiarracht dhomhanda níos faide: Jesse Owens (1935–1960), Bob Beamon (1968–1991), agus Mike Powell (1991–). Bhí léim O'Connor ina churiarracht Éireannach ar feadh 89 (sic) bliain, go dtí gur sháraigh Carlos O'Connell í sa bhliain 1990.
Cluichí Oilimpeacha 1906
cuir in eagarSa bhliain 1906, chuir an IAAA agus CLG trí lúthchleasaí isteach ar na Cluichí Oilimpeacha san Aithin ar son na hÉireann: O'Connor, Con Leahy and John Daly. Tugadh bléasar glas, caipín a raibh seamróg órga air, agus bratach Éireannach a raibh “Erin Go Bragh” scríofa air do gach duine acu. Ach, athraíodh rialacha na gcluichí sa chaoi nach mbeadh cead ag aon duine páirt a ghlacadh mura raibh sé ainmnithe ag Coiste Oilimpeach Náisiúnta. Ní raibh Coiste Oilimpeach in Éirinn, agus mar sin d'éiligh an Coiste Oilimpeach Briotanach an triúr Éireannach. Nuair a chláraigh siad do na Cluichí, fuair siad amach gur baill d'fhoireann na Breataine Móire iad.
Sa léim fhada, chuaigh O’Connor i ngleic le Myer Prinstein ó Chumann Lúthchleas Gael-Mheiriceánach faoi dheireadh, ball d'fhoireann na Stát Aontaithe agus an fear a raibh an churiarracht dhomhanda aige sular sháraigh O'Connor í cúig bliana roimhe sin. Ní raibh ach réiteoir amháin ar an gcomórtas, Matthew Halpin, a bhí ina bhainisteoir ar fhoireann Mheiriceá. Rinne O'Connor agóid, ar eagla go mbeadh Halpin claonta i bhfabhar na Meiriceánach, ach rialaíodh ina aghaidh. Lean sé ag agóidíocht tríd an gcuid eile den chomórtas. Níor fógraíodh na torthaí go dtí deireadh an chomórtais. Fógraíodh gurbh é Prinstein an buaiteoir, agus fuair O'Connor an bonn airgid sa dara háit.
Ag searmanas bronnta na mbonn, mar agóid in aghaidh Bhratach na Ríochta Aontaithe a cuireadh ar foluain in onóir dá bhonn airgid, dhreap O’Connor crann brataí i lár na páirce agus chroch sé bratach na hÉireann, le Con Leahy ar garda os comhair an chrainn.[1]
Sa léim thriarach dhá lá ina dhiaidh sin, fuair O’Connor an lámh in uachtar ar a chomh-Éireannach Con Leahy chun an bonn óir a bhuachan. Bhí sé 34 bliain d'aois ag an am, an buaiteoir is sine riamh sa léim thriarach. Níor bhuaigh Prinstein, an curadh i 1900 agus 1904, bonn ar bith.
Saol pearsanta
cuir in eagarNíor bhuaigh O’Connor aon chraobhchomórtas tar éis 1906. D’fhan sé páirteach sa lúthchleasaíocht ar feadh a shaoil. Bhí sé ar bhaill bhunaidh Chlub Lúthchleasaíochta Phort Láirge agus ina chéad Leas-Uachtarán ar an gclub. D’fhreastail sé ar na Cluichí Oilimpeacha ina dhiaidh sin mar bhreitheamh agus sa lucht féachana. Chleacht sé mar aturnae i bPort Láirge, agus bhí naonúr clainne aige. Fuair sé bás i bPort Láirge ar 9 Samhain 1957.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Wallechinsky (2004). "The Complete Book of the Summer Olympics: Athens 2004". Sport Media Publishing. Dáta rochtana: 24 September 2015.