Phil Gawne
Is polaiteoir, feirmeoir, agus cuntasóir Manannach é Philip “Phil” Anderson Gawne. Rugadh in Doolish, Oileán Mhanann, é ar an 19 Márta 1965. D'fhreastail sé ar Bhunscoil Chairbre agus Ardscoil Chashtal Rosien. Bhain sé céim BSc (Onóracha) sa Cheimic amach ó Ollscoil Learphoill. Toghadh mar Chomhalta den Cheathrar agus Fiche do Rosien é in 2003. Bhí sé ina Aire Infreastruchtúir ó 2010, agus roimhe sin bhí sé ina Aire sa Roinn Talmhaíochta, Iascaigh, agus Coillte.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 19 Feabhra 1965 59 bliana d'aois Doolish, Oileán Mhanann |
Minister for Infrastructure (en) | |
2014 – 2016 | |
Minister for Environment, Food and Agriculture (en) | |
2011 – 2014 | |
Minister for Infrastructure (en) | |
2010 – 2011 | |
Comhalta den Cheathrar agus Fiche | |
2003 – 2016 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Learphoill |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Teangacha | Béarla agus Gaeilge Mhanann |
Tá sé pósta ar Catherine Annie Kissack agus tá mac (Ewan) agus iníon (Catherine) acu. Faoi láthair tá sé ina chónaí in Sulby i ndeisceart an oileáin.
Is cainteoir líofa Ghaeilge Mhanann é, agus tá go leor déanta aige ar son na teanga. Chaith sé tamall mar oifigeach teanga (Yn Greinneyder). Gearradh 16 mhí príosúin air as coirloscadh in 1988. Dhóigh sé féin agus fir eile tithe galánta in Oileán Mhanann mar agóid in aghaidh teacht isteach na Sasanach, rud a scrios, dar leis, an cultúr áitiúil.