Is ionad éigeandála d’fhéindochar agus féinmharú é Teach PietaPieta House.[1] Tugann an carthanas comhairle phroifisiúnta d’aon duine a thagann chucu a deir go bhfuil smaointe féinmharaithe nó féindochair acu.[2] Is féidir le haon duine dul chucu gan aon atreorú ó dhochtúir. Níl costas ag baint leis na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.

Bosca Sonraí EagraíochtaTeach Pieta
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineáleagraíocht neamhbhrabúis Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh2006
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán5,420,470 € (2014) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinhttp://www.pieta.ie/
Suíomh geografach
  • Map

Chabhraigh an eagraíocht le breis agus 17,000 duine ó thosaigh siad sa bhliain 2006. Thosaigh an síceolaí Joan Freeman an eagraíocht i Leamhcán i mBaile Átha Cliath toisc nach raibh mórán seirbhísí ar fáil ag an am le féinmharú a chosc.

Thosaigh Teach Pieta amach le hionad amháin agus bhí naoi gcinn acu timpeall na tíre sa bhliain 2015 (i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach, Tiobraid Árann agus Gaillimh).

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Irish Independent (2015). "DÓLÁS GO SÓLÁS ANOIS AR FUD AN DOMHAIN". www.pressreader.com. Dáta rochtana: 2020-05-09.
  2. pieta.ie. "Suíomh". www.pieta.ie. Dáta rochtana: 2021-03-26.