Piocadh na sróine
Is éard atá i gceist le piocadh na sróine ná múcas a bhaint ón tsrón le méar (rinitileicsis) agus, uaireanta, an múcas a baineadh a ithe (múcafagacht).[1] I gcultúir an Iarthair, meastar go ginearálta gur iompraíocht chlaonaíoch é seo;[2] is minic a dhéanann tuismitheoirí agus péidiatraithe iarracht cosc a chur ar an iompar.[3] Is ábhar magaidh agus grinn sna meáin í an mhúcafagacht.[4]
Is iompar thar a bheith forleathan é piocadh na sróine: léiríonn roinnt suirbhéanna go bhfuil sé beagnach uilíoch, agus déantar é timpeall ceithre huaire sa lá ar an meán.[5] Rinneadh staidéar ar phiocadh na sróine sa bhliain 1995, agus iarradh faisnéis ó 1,000 duine fásta a roghnaíodh go randamach ó Wisconsin, SAM. Fuarthas 254 freagra. Shainmhínigh an staidéar piocadh na sróine mar “méar (nó rud eile) a chur isteach sa tsrón le hintinn tál triomaithe a bhaint as”. Díobh siúd a d’fhreagair an suirbhé, dúirt 91% gur phioc siad a srón go rialta (cé nár chreid ach 75% díobh go ndearna gach duine é), agus mhaígh beirt fhreagróirí gur chaith siad idir 15 agus 30 nóiméad agus idir uair agus dhá uair an chloig sa lá ag piocadh a sróine.[6]
Táirgeann an tseicin mhúcasach i gcuas na sróine múcas fliuch a bhaineann deannach agus pataiginí ón aer a théann tríd an gcuas. Den chuid is mó, aistríonn na fabhráin sa chuas an múcas i dtreo na scornaí, áit ar féidir é a shlogadh. Mar sin féin, ní fhanann an múcas go léir sách sreabhach lenar féidir leis na fabhráin é a aistriú. Dá ghaire an múcas do pholl na sróine, is amhlaidh is mó an taise a chailleann sé don aer lasmuigh, agus is mó an seans go dtriomóidh sé agus go rachaidh sé i bhfostú sa tsrón. Nuair a bhíonn sé triomaithe, is gnách go mbíonn an múcas ina chúis le greannú a chuireann fonn ar dhaoine é a bhaint. Bíonn fonn ar dhaoine an múcas a bhaint freisin mar gheall ar análú laghdaithe tríd an tsrón, agus uaireanta mar gheall ar imní go bhféadfadh daoine eile é a fheiceáil i bpoll na sróine.
I gcultúir áirithe, meastar gur gníomh príobháideach é piocadh na sróine, cosúil le dífhaecú (cacadh), mún, bromadh, brúchtaíl, agus lámhchartadh.[7] Cé go gcreidtear go bhfuil an mhúcafagacht fiú níos measa, léirítear é mar ábhar grinn sna meáin.[4]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Bellows, Alan (2009). "Alien Hand Syndrome: And Other Too-Weird-Not-To-Be-True Stories": 28–30. Workman Publishing. ISBN 978-0761152255.
- ↑ “7.1C: Deviance and Social Stigma” (en). Social Sci LibreTexts (2018-07-30). Dáta rochtana: 2022-08-12.
- ↑ Seltzer, A. P. (September 1963). "NOSE PICKING". Journal of the National Medical Association 55: 451–452. ISSN 0027-9684. PMID 14049564. PMC:2642359.
- ↑ 4.0 4.1 “Nose Nuggets”. TV Tropes. Dáta rochtana: 2022-08-12.
- ↑ Andrade, Chittaranjan (2001). "A preliminary survey of rhinotillexomania in an adolescent sample". The Journal of Clinical Psychiatry 62 (6): 426–31. doi:PMID 11465519. Reviewed in: .
- ↑ Jefferson, James W. (1995). "Rhinotillexomania: psychiatric disorder or habit?". The Journal of Clinical Psychiatry 56 (2): 56–9. PMID 7852253.
- ↑ “Snot My Fault | Psychology Today” (en-US). www.psychologytoday.com. Dáta rochtana: 2022-08-12.