Plé:An Astráil Theas

Latest comment: 11 bliain ó shin by Antóin in topic Ainm

Ainm cuir in eagar

Ní thabharfainn féin Deisceart na hAstráile ar an áit seo ar chor ar bith...agus rugadh mé ann! Tugaim An Astráil Theas air, ach an mba mhaith an rud ainmneacha Gaelacha a chruthú do na háiteanna seo? Tuige nach féidir South Australia a chur ar an alt seo?

Suíomh Deisceart na hAstráile An Astráil Theas
Google: 47,500 torthaí 32,100 torthaí
Nua-Chorpas na hÉireann

3 amas

  • Is í an t-aon abhainn amháin í i ndeisceart na hAstráile a úsáidtear le huisciú a dhéanamh . -- Richard Moles, Tíreolaíocht Ghníomhach 2
  • Bhí Daisy ar lonnú ar feadh tamaill ag Israelite Bay i bhfíordheisceart na hAstráile Thiar . -- Ciardha Ní Mháirtín, Daisy Bates
  • DAICHEAD bliain tar éis tástálacha núicléacha a dhéanamh ar a gcuid tailte , tá Rialtas na Breataine chun IRP6 .5 milliún a íoc leis an bpobal dúchasach i ndeisceart na hAstráile . -- Anois, ANOIS

2 amas

  • Sa bhliain 1935 bhuail drochthriomach an Astráil Theas . -- Ciardha Ní Mháirtín, Daisy Bates
  • Sáráit an Astráil Theas chun dreigí a fheiceáil . -- Ciardha Ní Mháirtín, Daisy Bates

Ar ndóigh, is idir aistriúcháin uathoibríoch agus téacs ón Vicipéid iad cuid mhaith de na torthaí Google. De réir an Chorpais, is téarma ginearálta é deisceart na hAstráile agus sin é an brí is nádúrtha domsa. Nuair a fheicim Meiriceá Theas is é an ilchríoch a ritheann liom, ach más Deisceart Mheiriceá é, ceapaim gur an chuid deisceartach de na Stáit Aontaithe Mheiriceá atá i gceist.

Mar sin, más ainm Gaelach a mbeidh ar an leathanach seo, molaim An Astráil Theas.

Moilleadóir 07:47, 16 Eanáir 2013 (UTC)Reply

D'aontóinn leis an argóint agus an fhianaise atá bailithe agat thuas. Má tá cabhair uait i dtaobh an athainmniú, cur in iúl dom.--Antóin (talk) 19:59, 16 Eanáir 2013 (UTC)Reply

Bailte cuir in eagar

Ní fiú tada an liosta randamach seo de bhailte an stáit - tá Padthaway ann (336 duine) ach níl an baile is mó sa stát ann (Mount Gambier: 23,494 duine)! Tá cuid mhaith de na bailte ar an liosta seo nasctha le bailte eile ar fad, m.sh. Gladstone -> Gladstone, Queensland, Maitland -> Maitland, NSW. Scriosfaidh mé an chuid is mó den liosta agus déanfaidh mé liosta de chathracha an stáit.

Moilleadóir 08:04, 16 Eanáir 2013 (UTC)Reply

Return to "An Astráil Theas" page.