Plé:An tIRA Sealadach

Latest comment: 3 mhí ó shin by Ériugena in topic

cuir in eagar

Níl "Óglaigh na hÉireann Sealadach" ceart de réir chaighdeán ar bith. "An tIRA Sealadach" a úsáidtear. Panu Petteri Höglund (plé) 13:50, 22 Iúil 2022 (UTC)Reply

"Tugann téarma.ie, bunachar téarmaí oifigiúla an Choiste Téarmaíochta dhá rogha mar aistriúchán ar the Irish Republican Army nó an IRA – an IRA agus Óglaigh na hÉireann. Deirtear go mbaineann na téarmaí le cúrsaí staire, eagraíochtaí agus póilíneachta. Óglaigh na hÉireann atá ag an bhfoclóir nua Béarla-Gaeilge ar the Irish Republican Army, ach deirtear gur teideal stairiúil atá i gceist. Óglaigh na hÉireann atá ag foclóir.ie agus tearma.ie ar The Defence Forces agus ar The Irish Volunteers. An tIRA Sealadach atá ag an bhfoclóir nua ar the Provisional IRA, teideal nach bhfuil ar fáil ar téarma.ie. Cumadh an frása Óglaigh na hÉireann mar theideal Gaeilge ar na ‘Irish Volunteers’ i 1913. Sa bhliain 1919 tugadh arm Phoblacht na hÉireann nó an IRA ar na hÓglaigh. Chloígh cuid acu leis an teideal Óglaigh na hÉireann i nGaeilge, ach an IRA a roghnaigh a dtromlach chun cur síos orthu féin as sin amach. Éilíonn arm na hÉireann agus an IRA Sealadach araon gur acusan amháin atá ceart chun an teideal Óglaigh na hÉireann a úsáid agus gurb iadsan amháin fíor-oidhrí na ‘Irish Volunteers’ agus Arm na Poblachta (IRA) i gCogadh na Saoirse. Úsáideann mionghrúpaí eile a scoilt ón IRA an teideal Óglaigh na hÉireann chomh maith. [1]
Mholfainn Óglaigh Shealadacha na hÉireann mar theideal an ailt seo! [2] Ériugena (plé) 15:18, 9 Nollaig 2023 (UTC)Reply
  1. https://tuairisc.ie/raic-faoi-usaid-an-tearma-oglaigh-na-heireann-don-ira-ar-tus-aite-rnag/Raic faoi úsáid an téarma ‘Óglaigh na hÉireann’ don IRA ar ‘Tús Áite’ RnaG
  2. https://tuairisc.ie/raic-faoi-usaid-an-tearma-oglaigh-na-heireann-don-ira-ar-tus-aite-rnag/Raic
Return to "An tIRA Sealadach" page.