Plé:Béal Feirste

Latest comment: 3 mhí ó shin by 98.3.103.238 in topic Is fíor duit a mhac

Maidir le tiontú go Gaeilge Uladh, is é mo thuairim féin gur cheart gach canúint a bheith ar an suíomh. Ach nuair a scríobhtar alt i nGaeilge i gcanúint amháin, ní cóir gach rud a athrú go canúint eile. Tá gá le roinnt caighdeánú, ach nílim ar aon intinn le cuid eile a theastíonn gach ní uathu caighdeánaithe go hiomlán. Cuireann sé as do scríbhneoirí nuair a dhéantar athraithe diana i dtreo chaighdeánú nó i dtreo chanúint áirithe, go háirithe nuair nach bhfuil cuid acusan (fós) ag cur aon ábhar nua ar an suíomh. Agus maidir leis na Gaeltachtaí, ní cosúil go bhfuil mórán ag scríobh uathu go fóill. B´fhéidir go bhfuil ceangailt ag Séamas nó daoine eile, ach níl ciall a bheith ag caitheamh anuas ar gramadach an choda eile nuair nach bhfuil na Gaeilgeoirí dúchais seo ag déanamh dada don bhfiontar. Agus thabharfainn lucht breac-Ghaeltachta ar go leor as an 'nGaeltacht', agus thárlódh go bhfuil cuid dár nGaeilge féin níos slachtmhara. Meabhar 17:14, 2 Nov 2004 (UTC)


Tá Béal Feirste in Ultaibh agus sílim féin gur cheart an t-alt fán chathair sin a bheith ins a´ chanúint atá á labhairt in Ultaibh. B´aisteach an rud alt fán Daingean a bheadh scríofa i gcanúint Thír Chonaill fosta. Ná déan thusa mórtas as do chuid Gaeilge mura cainteoir dúchais as a´ Ghaeltacht thú: tá Gaeilg níos fearr aig lucht na Gaeltachta ná againne uilig siocair gur tógadh leis a´ teangaí iad. Tá níos fearr agus beidh go deo: cha smaoiteann siad sin i mBéarla ´s iad a´ ráidht nó a´ breacadh abairte i nGaeilg.
Aontaím leat, is ceart achan chanúint a bheith ar an tsuíomh seo, ach deirfinn go mb´fhearr an rud na haltannaí fá áiteacha na hEireann (a bhfuil Gaeilg le cluinstean ionta) a scríobh ins an chanúint atá bainteach leis an áit. Fá choinne ´n fhuílligh is cuma liom cad é na canúintí a gcumfaí ionta é, ar chuntar gur Gaeilg cheart a bheadh ann.
Char chum mé féin alt ar bith go fóill ar a´ Vicipéid seo, tá ´n ceart agat, ach tá mé ´cumadh cupla cionn fá láthair, a chara ! Bíodh foighd agat!
Séamas 01:41, 27 Nov 2004 (UTC)
Aontaímse leat, a Shéamais - ba fearr canúintí oiriúnacha a húsáid maidir le hábhair Éireannacha, a fhad is a húsáidtear caint soiléir léinn. Ní Gaeilgeoir dúchasach atá ionam, faraon; más féidir leatsa blás Ultach a thábhairt don leathanach seo 7rl, is amhlaidh an fearr é. --Gabriel Beecham 02:30, 27 Nov 2004 (UTC)
Níl aoinne againne sa chomhrá seo go fóill ag rá gur chóir canúint amháin seachas chinn eile a bheith i bhfeidhm, ach mar is eol do chuid againn, tá daoine ar an suíomh nach n-aontódh linne anseo. Cuirtear fáilte agus fiche roimh gach scríobhneoir agus gach cuairteoir, go h-áraithe roimh lucht na Gaeltachta. Ní rabhas ach ag cur píosa beag réadúlachta sa scéal. Is cosúil gur in Ultaibh atá tú féin, a Shéamais. Cén áit? Maidir liomsa, tá cuid mhaith de mo mhuintir sa Ghaeltacht, agus bhíos ag caint le m'uncail agus m'athair as Árainn, mo mháthair as Luimneach le Gaeilge Chorcaí, agus deirféaracha ar fud na tíre le cupla lá, agus é sin ar fad as Gaeilge. Agus tógadh le Ga mé. Déarfadh cuid de lucht Gaeltachta, b´fhéidir, gur sort bastaird mé, b´fhéidir! Ach bainim níos mó feidhme as an nGa ná go leor de mhuintir na Gaeltachta. Nílim ach ag rá gur gá a bheith oscailte do gach duine, go h´áraithe d´fhoghlaimeoirí, má tá todhchaí le bheith ag an nGa - an gceapann Séamas (eile) gur as síol mhuintir na Gaeltachta amháin a mhairfeas an Ghaeilge/Ghaolainn/Ghaedhilg?
Anois, maidir leis an alt féin faoi Bhéal Feiriste, ceapaim gur scríobhais i nGa cuíosach caighdeánach é. Agus nuair a thugas ar ais cuid des na foirmeacha a chuireas ann ar dtús, is sa treo sin a rinne mé é, agus d´fhágas cuid des na foirmeacha Ultacha ann. Ceapaim féin gur gá do ailt a bheith réasúnta intuigthe do dhaoine ar chuile leibhéal. Agus nár chóir, go ginearálta, Ultú, Mumhnú, nó caighdeánú a chuir go láidir ar obair a chéile, muna bhfuil sé riachtanach don tuiscint. Ach má tá rún ag, m.sh, Séamas, alt Bhéal Feirste a threisiú cuid mhaith le hábhar nua, ba bhreá an alt a bheith ar aon-stíl amháin. Ach nuair a chonaic mise na h-athraithe Ultacha, ní raibh caint ná tuairisc air seo. Ní dócha go gcuirfimís an cupla alt a chuireas le chéile faoi Albain go h-iomlán i nGaedhilg na hAlban.
Mar sin, mholfainn féin bheith sort scaoilteach/liobrálach, ach gan dul ró throm leis na caighdeáin muna bhfuilimid féin ag cumadh ábhar nó ag treisiú na nalt go mór. Agus maidir leis an abairt thuas, "Ná déan thusa mórtas as do chuid Gaeilge mura cainteoir dúchais as a´ Ghaeltacht thú", ní mise a bhí ag déanamh mórtas as mo chuidse, ach bím ag scríobh go rialta, agus má tá lochtanna im´ chuid Ga, bím i gcónaí sásta glacadh le comhairle nó ceartúcháin, agus déanaim amhlaidh le foghlaimeoir corr am. Ach ceapann lucht gach Gaeltachta gur acu féin atá an Gh ghlan. Agus cuireann an sort ráitis thuas olc ar mhuintir na Galltachta agus ar fhoghlaimeoirí. Tá plé dheas ar shuíomh Shabhail Mòr Ostaig faoin gcanúnachas, agus mholfainn do gach duine é, mar go dtugann sé le fios dúinn cuid de ghearáin mhuintir Uladh faoin gcaighdeánú. Ach le cúnamh Dé, fanfaidh na hUltaigh le muintir an Iarthair, an Deiscirt, agus an chuid eile againn. Ach tá cead i gcónaí wikithe eile a chur ar bun, agus feictear é seo i nGailísis, Plattdeutsch, Ullans, srl, srl!
Le dea-mhéin. Meabhar 17:34, 29 Nov 2004 (UTC)


Is cosúil gur in Ultaibh atá tú féin, a Shéamais. Cén áit?
Chan as a' Ghaeltacht domh faraor ach d'fhoghlaim mé Gaeilg Uladh. I nGort a' Choirce agus i nGaoth Dobhair go háiríd.
Ach bainim níos mó feidhme as an nGa ná go leor de mhuintir na Gaeltachta.
Braitheann sé ar a´ cheantar. Nuair a bhí mé i nGaoth Dobhair char chuala mé focal Béarla ar bith (ag na páistí féin) ach amháin nuair is stráinséirí a bhí a´ caint, daoiní a tháinig ar cuairt ansin.
Nílim ach ag rá gur gá a bheith oscailte do gach duine, go h´áraithe d´fhoghlaimeoirí, má tá todhchaí le bheith ag an nGa - an gceapann Séamas (eile) gur as síol mhuintir na Gaeltachta amháin a mhairfeas an Ghaeilge/Ghaolainn/Ghaedhilg?
Is dóigh liom féin gurb as a síol sin a mhairfeas a´ Ghaeilg cheart má mhaireann go deo (nó as na daoiní a bheadh ´n Ghaeilg foghlamtha acu ins a´ Ghaeltacht). Chan Gaeilg cheart atá á teaghasc ins na scoltacha don chuid is mó, agus char chuala mé mórán foghlaimeoir nó daoiní a d´fhoghlaim Gaeilg, char chuala mé mórán acu a mbíodh Gaeilg cheart acu, go háiríd ó thaobh na fuaimníochta dó. Fuaimníocht na r-annaí (r amháin gránna i mBéarla, ceithre r i nGaeilg Uladh), béim ar na siollaí, ch caol is ch leathan cearta (chan /k/ ina n-áit mar a fhuaimníos na foghlaimeoirí go mion-minic) srl. Fuath liom a´ Ghaeilg nuair is le blas Béarla a labhartar í. Chan Gaeilg ar bith sin. D´úrt John Ghráinne, seanchaí as Rann na Feirste, "is dóigh liom go mairfidh an Ghaeilg ach ní thuigfidh mé í." Nó rud ineacht mar sin. Gaeilg na scol níl sí cosúil le Gaeilg sheandaoiní na Gaeltachta. Mór a´ truaigh. ´S minic a chluintear Béarlachais anois i gcaint lucht na Gaeltachta féin: amharc i ndiaidh na bpáistí in áit "aire a thabhairt do na páistí". B´fhearr liom go bhfuigheadh ´n Ghaeilg bás ná nach mbeadh á labhairt ach seafóid Bhreac-Ghaeilge ina háit. Bheadh ´n Ghaeilg bhinn bhlasta marbh, agus beidh teangaí eile á labhairt ón am sin amach, cineál seachtú teangaí Cheilteach a bheadh ann. Níl mo chuidse Gaeilge róbhreá ná róbhlasta ach ghním mo dhícheall! S iad na cora cainte atá deacair agam le foghlaim.

Séamas 04:44, 4 Dec 2004 (UTC)

An féidir linn an abairt "an dara cathair is-mó in Éirinn" a úsáid? Is í an chathair an dara is mó ar an oileán, ach is páirt den RA í. Is ceart dúinn an NPOV a úsáid anseo. Tuairimí? An Tóin Mór 17:15, 19 Meitheamh 2006 (UTC)Reply

  • As an leagan Béarla:
It is the largest city in Northern Ireland (of which it is the capital) and the province of Ulster, and is the second-largest city on the island of Ireland.
Ach, as an leagan Gearmáinise:
Belfast [bɛlˈfɑːst] ist die Hauptstadt von Nordirland und die zweitgrößte Stadt Irlands nach Dublin.
"An dara cathair is mó ar oileán na hÉireann", mar sin? -- An Piscín 17:50, 19 Meitheamh 2006 (UTC)Reply

Sea, aontaím le seo. An cheart dúinn an téarma "Ríocht Aontaithe" a chur isteach freisin? Nílim cinnte, mar b'fhéidir go bhfuil "Tuaisceart Éireann" (atá san RA) soiléir. An Tóin Mór 18:15, 19 Meitheamh 2006 (UTC)Reply

An Caighdeán Oifigiúl cuir in eagar

Ba chóir an leathanach seo a athscríobh sa chaighdéan oifigiúl. Níl an canúint ag cabhrú le foghlaimeoirí na Gaeilge a úsáideann an Vicipéid mar ghléas foghlamtha. Caithfear smaoineamh go dtagann daoine ar an Vicipéid chun Gaeilge a fhoghlaim, chomh maith le eolas ar topaicí éagsúla a fháil. Má tá blas na canúintí uathu tá sé chomh éasca leabhair scríofa i gcanúint éigin a úsáid. Tá mé ag déanamh trácht ar na difríochtaí gramadaí seachas an stór focail. Níl sé cothrom ar fhoghlaimeoir úr gan mórán taithí acu ar an teanga teacht ar seo agus difríochtaí a fheicáil ar nós séimhiú in áit urú agus abairt cosúil le "ag tógailt isteach codacha". Ní hé nach mbeadh siad in ann é a thuiscint i gcompráid leis an gcaighdeán, ach tá mé thar a bheith cinnte de nach gcabhróidh sé lena gcuid iarrachtaí sna scrúdaithe ar scoil nó ar an ollscoil, áit a iarrtar orthu cloígh go daingean leis an gcaighdeán dá mba daltaí nó mic léinn iad. Tuigim gur chóir bheith bródúil as na canúintí má tá ceann agat, ach is gá smaoineamh ar na foghlaimeaoirí mar a luaigh mé, chomh maith le muintir na cainiúntí eile nach bhfuil an leathanach scríofa i. (Agus tuigim go mbeadh sé cineál ait dá mbeadh rud agam sa mhéid thuas i gcanúint éigin, agus is dócha go bhfuil!!)--UpDeDubs 15:09, 2 Iúil 2007 (UTC)Reply

Chan ar an chanúint is mó atá an locht, ach ar na botúin litrithe agus ghramadaí. I dtaca an chaighdeáin de, bíonn barúlacha barrúla ag na daoiní ina thaobh, agus iad ag áitiú go bhfuil seo nó siúd crosta ins an chaighdeán. Le fírinne thig leat cosúlacht aon cheann den trí phríomhchanúint is rogha leat a chur ar an chaighdeán, ach an chanúint a bheith foghlamtha go maith agat agus dianstaidéar a bheith déanta agat ar litríocht - ar thraidisiún liteartha - na Gaeilge.
Thig liom an t-alt a cheartú agus a chaighdeánú gan barraíocht de bhlas Uladh a bhaint de, más é toil na mórchoda é ar an Vicipéid. Chan abróchainn nach mba chóir aird áithrid a thabhairt ar na foghlaimeoirí nó a bheith ag freastal ar a riachtanaisí-san, ach le fírinne is é an rud is mó atá as alt leis an Vicipéid ná go bhfuil an chuid is mó de na hailt - bímis ionraic - ina bpraiseach ar fad ó thaobh na gramadaí de. Má chuirimid ceann isteach atá scríofa i nGaeilg mhaith Uladh, ní hé sin is mó a bhéas ag cur na bhfoghlaimeoirí ar strae, ach na cinn nach bhfuil focal ceart Gaeilge iontu. Panu Petteri Höglund 16:40, 2 Iúil 2007 (UTC)Reply
Agus más ar na foghlaimeoirí atá tú ag trácht, má bhíonn an foghlaimeoir dáiríre píre fán teangaidh, casfar na canúintí air an lá is faide anonn agus é ag iarraidh éirí eolach ar chlasaicigh litríocht na Gaeilge. Panu Petteri Höglund 16:45, 2 Iúil 2007 (UTC)Reply

Is fíor duit a mhac cuir in eagar

Ambasa tá 'n ghaeluinn go binn blasta aige sna h-eagarthóiribh go léir annseo, mar dh'eadh ach glacfar leis an saghas pé olcas é; is í an Ghaeluinn í. 98.3.103.238 01:44, 22 Nollaig 2023 (UTC)Reply

Return to "Béal Feirste" page.