Plé:Cogadh na Saoirse (Éire)

Latest comment: 18 bliain ó shin by Panu Petteri Höglund

Níor chóir an Cogadh Agla-Éireannach a thabhairt mar ainm ar an alt seo. Cogadh na Saoirse an t-ainm ceart agus níl san ainm eile ach aistriúchán ar an mBéarla, leagan nach n-úsáideann Gaeil riamh. Is trua go bhfuil altanna na vicipéide, nó teidil na n-alt sin, á scríobh go fóill ag daoine nach bhfuil taithí ar bith acu ar Ghaeilge a úsáid mar ghnáth-theanga.

- Aontaím leat go hiomlán. Is é an rún atá agam féin, áfach, ná an t-alt seo a chríochnú agus b'fhéidir tuilleadh a chur leis má tá ábhar eile ag na Gearmánaigh (is féidir go bhfuil, dháiríre). Ansin, cuirfidh muid malairt teidil leis an alt agus "redirect" a fhágáil anseo. - Panu Petteri Höglund Panu Petteri Höglund 21:41, 14 Nollaig 2005 (UTC)Reply

Dála an scéil: Tá glacadh le Dónall Ó Braoin mar Ghaelú ar Dan Breen, nó cuireadh Gaeilge ar a leabhar, My Fight for Irish Freedom. Maidir le Tomás de Barra mar Ghaelú ar Tom Barry, níl mé chomh cinnte faoi sin, ach is é mo thuairim gurb é sin an leagan Gaeilge. Panu Petteri Höglund 21:44, 14 Nollaig 2005 (UTC)Reply



Tá tagairtí agus liosta foinsí ag teastáil go géar ón alt seo, agus níorbh olc an rud é an t-ábhar a phlé beagán níos fuaraigeantaí. Tá an cogadh thart. Thairis sin de, tá Gaeilge bheoga bhríomhar ann, ach ba chóir cloí níos mó leis an gCaighdeán. Déanfaidh mé beart de réir mo bhriathair ach deis a bheith agam chuige.

Colin Ryan 21:58, 7 Mí na Samhna 2009 (UTC)

Return to "Cogadh na Saoirse (Éire)" page.