Plé:Déchont

Latest comment: 15 bliain ó shin by Nmacu in topic Bikonta

Bikonta cuir in eagar

"Athainmníodh Bicont mar Bikonta: ní focal Gaeilge nó Laidne é "Bicont")" Chum mé 'Bicont' mar fhocal Gaeilge mar nach bhfuair mé é i bhfoclóir Béarla-Gaeilge ar bith. Tá an focal 'Bicont' in úsaid sa leagan Francise agus Catalóinise den Vici.! Cheap me go raibh sé de nós i Vici na Gaeilge, focal Gaeilge a úsáid san alt ach claoí leis an leagan Laidne sa Bhosca Sonraí ( féach http://ga.wikipedia.org/wiki/Pr%C3%B3taisteach) tá leagan Gaeilge 'Prótaisteach' in úsaid agus an focal Protista sa bhosca sonraí.

IS grma as droch Ghaeilge s'agamsa a cheartú. Éóg1916 17:44, 19 Aibreán 2008 (UTC)Reply

Ní fhaca mé aon samplaí fós i liostaí téarmaíochta An Gúm den litir k in úsáid mar chuid de théarma (seachas km do chiliméadair - agus sin mar gheall nach féidir cm a úsáid le míthuiscint a sheachaint). B'é mo thaithí i gcónaí ná gur aistríodh an k go c, fiú i gcás ainmneacha Laidine. B'fhéidir go bhfuil a leithéid feicithe ag duine éigin eile, ach muna bhfuil, ceapaim go gcaithfimid a bheith an-chúramach má táimid ag cruthú téarmaí nua, nach dtéann muid i gcoinne caighdeáin atá leagtha síos leis na mblianta. Le meas, Nmacu 09:04, 22 Aibreán 2008 (UTC)Reply
GRMA..>níl tuairim faighte go dtí seo ó GB! Éóg1916 16:55, 22 Aibreán 2008 (UTC)Reply
Má tá tuairim ag teastáil uait, gheobhaidh tú mo chuid smaointe :). Tá súil agam nach ceaptar go bhfuilim ag moladh 'bikonta' mar focal Gaeilge! Ní chloíann do théarma molta, 'bicont', le cleachtais théarmaíochta na Gaeilge - caol le caol agus leathan le leathan, fóineolaíocht srl - agus mar sin d'aistrigh mé an lch ar ais chuig an teideal idirnáisiúnta Laidne. Ní léir dom sanasaíocht an fhocail, agus mar sin níor rinne mé féin iarracht Gaelú míchuramach a chur air; an bhfuil sonraí nó moltaí ag duine ar bith eile? Idir an dá linn ní bhfeicim fadhb ar bith leis an téarma Laidne a úsáid mar teideal an ailt. --Gabriel Beecham 18:28, 24 Aibreán 2008 (UTC)Reply
Bhreac mé cúpla sampla suas ar focal.ie agus d'aimsigh mé na samplaí seo a leanas de théarmaí eolaíochta le 'k' sa leagan Béarla:
  • bikitaite - bicitít
  • eukaryote - eocarót
  • alkali - alcaile
  • leukaemia - leoicéime
Bikont mar theideal ar an alt sa leagan Béarla. Ciallaíonn an bi- 2 agus is é dé- an réimír a úsáidtear mar aistriúchán air seo. Séimhítear an chuid eile den ainmfhocal tar éis dé-. Mar sin, céard faoi Déchont mar aistriúchán? Is é an t-aon rud faoi ná nach mbeadh an chaoi a fhuaimneofaí é ró-iontach (níl sé míle míle ó eascaine Béarla a úsáidtear faraor i nGaeilge chomh maith). Nmacu 21:19, 24 Aibreán 2008 (UTC)Reply
Return to "Déchont" page.