Fáilte Isteach cuir in eagar

Fáilte romhat go dtí mo leathanach baile

An Cuntas MALA2009 cuir in eagar

Ba cheart dom a shoiléiriú gur mé féin atá ag riaradh an chuntais seo ar son mic léinn a bhí mé ag plé leo ar an M.A. san Aistriúchán, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Rinne grúpa mac léinn roinnt alt a aistriú ón mBéarla mar chuid de thaithí oibre ar an gcúrsa. B'é an aidhm ná go ndéanfaí uaslódáil ar na hailt nuair a bheadh siad aistrithe. Tá sé tábhachtach go bhfaigheann an rang aitheantas ar son na hoibre seo agus b'shin an fáth gur chruthaigh mé an cuntas MALA2009. Tá na hailt i bhfoirm plain text agus tá sé i gceist agam féin na clibeanna vicí a chur i bhfeidhm orthu de réir a chéile. Má tá bealach níos fearr ó thaobh na gcuntas seo a láimhseáil, fáiltím roimh mholtaí.

Ag foghlaim faoin Vicipéid cuir in eagar

Má tá tú ag foghlaim faoin Vicipéid, is naisc úsáideacha iad seo sa leagan Béarla

Tá súil agam go mbeidh an t-am agam a mhacasamhail a chur ar fáil trí Ghaeilge amach anseo.

Cúlra cuir in eagar

Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas mé ach tá mé i mo chónaí i nGaillimh anois le roinnt blianta beaga anuas.

Teanga cuir in eagar

Tá Gaeilge líofa agam. Bím ag teagasc na ríomhaireachta trí mheán na Gaeilge le Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Mise agus An Vicipéid cuir in eagar

Tá mé i mo bhall den Vicipéid le bliain anuas agus déanaim iarracht cur léi nuair a bhíonn an t-am agam. Tá rún agam níos mó ama a chur i leataobh leis seo a dhéanamh mar creidim gur acmhainn iontach atá inti ach go bhfuil gá roinnt oibre a chur isteach inti le go sroichfidh sí caighdeán go mbeidh daoine ag teacht ar cuairt chuici agus iad ag súil le líon mór alt cuimsitheacha i nGaeilge chruinn. I measc na leathanach a chruthaigh mé go dtí seo tá:

I measc na leathanach a bhí mé ag athrú go dtí seo tá:

Tástáil cuir in eagar

Aistriúcháin cuir in eagar

Teangacha cuir in eagar

ga Is Gaeilgeoir dúchasach é an t-úsáideoir seo.
en This user is a native speaker of English.
fr-1 Cette personne peut contribuer avec un niveau élémentaire de français.