Plé:Eilís II na Ríochta Aontaithe

Is dóigh liom go raibh an t-aistriú ceart le déanamh. .i., níl sé cheart "Banríon" a bheith mar ainm an ailt. Ar an gcéad dul síos, tá níos mó teidil aici ná "Banríon": is í Tiarna Mhannan, mar shampla. Ba cheart teideal an ailt seo a bheith "Eilís II na Ríochta Aontaithe" gan "Banríon" a bheith ann.

Déan comparáid le http://en.wikipedia.org/wiki/Elizabeth_II_of_the_United_Kingdom

Cha raibh "Eilis I" ann an Alban.

Bhuel, is scéal casta é sin. Geallann na hAlbanaigh le EII a scríobh ar bhoscaí an phoist faoi láthair. Ba cheart rud faoin deacracht sin a tagairt do san alt.


Tá plé air san alt a scríobh mé faoi Albain, ach ní fheicim cén fáth nach féidir athphlé a chur air san alt faoi Eilís a Dó (Shasana). Agus maidir le "Tiarna Mhanann/Bantiarna Mhanann", is cinnte go bhfuil go leor teidil aici a thug sí féin agus a muintir di féin. Agus maidir le ¨a Maorgacht¨, ní dóigh liom gur ghá nó gur chuí a bheith ag tabhairt glaonna-teidil-omóis di seachas a teideal oifigiúil. Níl mise ina ríocht, agus tuigim gur cuireadh teidil ar ceal nuair a cuireadh Poblacht na hÉireann agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ar bun. Ní gá go bhfuil aon easpa omóis ag baint leis seo - níl ann ach nach bhfuilimid (an chuid is mó dínn ar aon nós) ina ríocht, agus nach ¨subjects¨ sinn. Meabhar 07:20, 18 Dec 2004 (UTC)

Return to "Eilís II na Ríochta Aontaithe" page.