Plé:Isiméir

Latest comment: 2 bhliain ó shin by Ériugena in topic File:Isomerism.svg

A Phainu, a chara,

Tuigim nach ionann an téarma isiméir agus an téarma isiméireacht! Dá bhrí sin, mholainn an leagan seo "Sa cheimic, is móilíníiain iladamhacha iad isiméirí a bhfuil foirmlí móilíneacha comhionanna acu - is é sin, an líon céanna adamh i ngach dúil - ach socruithe ar leith sa spás acu. Is é is brí leis an isiméireacht ná an feinimeán ina bhfuil an fhoirmle cheimiceach chéanna ag níos mó ná comhdhúil amháin, ach struchtúir cheimiceacha éagsúla a bheith acu." in ionad "Is é is brí leis an isiméireacht ná gur féidir le dhá chomhdhúil dhifriúla a bheith mar an gcéanna ó thaobh choibhneas na ndúl de, cé nach ionann a dtréithe ceimiceacha."

Bheadh an t-athrú seo ag teacht leis an alt i mBéarla (Isomer https://en.wikipedia.org/wiki/Isomer), cé nach mbíonn sé de nós agam a bheith ag sodar i ndiaidh na nGall! Fan sábháilte Ériugena (plé) 15:28, 28 Nollaig 2021 (UTC)Reply

Chuir tú an Ghaeilge ar an leathanach seo ó mhaith arís eile. Ni féidir liom an chomhréir agus an ghramadach a cheartú gach uair arís. Panu Petteri Höglund (plé) 22:05, 29 Nollaig 2021 (UTC)Reply
Mea culpa! Theastaigh uaim dul i gcomhairle leat maidir le hábhar an leathanaigh, ach is cosúil gur fearr leat maslaí a scaoileadh. Aut Panu aut nihil.. Ériugena (plé) 23:10, 29 Nollaig 2021 (UTC)Reply
Ní masla atá i gceist ach fíorfhadhb. An chéad leagan a scríobh mé, tuigim go maith gurbh fhéidir feabhas a chur air ar go leor bealaí. An rud a tharla idir an dá linn áfach ná gur chuir tusa ábhar eile in áit na rudaí a bhí scríofa agam, seachas tuilleadh ábhair a chur leo. Anois caithfidh mé cuma cheart a chur ar an nGaeilge arís, agus tá sé i bhfad níos deacra eagarthóireacht a chur ar na rudaí a scríobh duine eile ná dea-Ghaeilge a scríobh ó scratch. Tá fiche bliain caite agam ag mionstaidéar bhéaloideas agus litríocht na gcainteoirí dúchais le Gaeilge cheart a tharraingt chugam, agus roimhe sin chaith mé cúig bliana ag staidéar ceimice san ollscoil, ach ina dhiaidh sin féin ní féidir liom bun ná barr a dhéanamh den chuid den téacs a thosaíos leis na focail "Na fiúsanna..." Is é sin, dháiríre ní thuigim ceá ná ciú de. Agus is dóigh liom nach dtuigeann aon duine eile, ach an oiread. Panu Petteri Höglund (plé) 22:05, 30 Nollaig 2021 (UTC)Reply
Glacfaidh mé le do chomhairle ar ndóigh, agus is oth liom má chuir mé cion nó obair bhreise ort go neamhbheartaithe.
Ní raibh mé críochnathe leis an eagarthóireacht a bhi ar siúl agam agus bhí rún agam an t-alt a athléamh agus cibé ceartúcháin a dhéanamh air chun go mbeadh cáilíocht inghlactha do dhaoine eile air.
Ar ndóigh, ní raibh sé i gceist agam do chuid oibre a bhaint, ach a mhalairt.
Táim buailte leis an víreas Omicrón le seachtain anuas agus b’fhéidir nár chóir dom a bheith ag obair ar an Vicipéid ach bheith ar ais sa leaba.
Boni pastoris est tondere pecus non deglubere! Ériugena (plé) 01:18, 31 Nollaig 2021 (UTC)Reply

File:Isomerism.svg cuir in eagar

A Phanu, ní raibh rún agam tú a mhaslú, tríd an íomhá seo a chur leis. Bliain Úr Mhaith! Ériugena (plé) 12:38, 4 Eanáir 2022 (UTC)Reply

Return to "Isiméir" page.