Plé:Páirc Parnell

Latest comment: 14 bliain ó shin by Rinagaeilge

An é "Páirc Uí Parnell" an leagan atá le léamh ar na comharthaí sráide?Panu Petteri Höglund 13:47, 12 Aibreán 2007 (UTC)Reply

Bhuel, thóg mé an litriú seo ón alt atá sa Vici Béarla, rud atá contúirteach, b'fhéidir. Cad faoi Páirc Pharnell? --An Tóin Mór 17:49, 12 Aibreán 2007 (UTC)Reply
Tá Páirc Pharnell níos fearr ná Páirc Uí Parnell, nó dá mbeadh "Uí" ann, chaithfeá litriú agus gramadach na Gaeilge a chur i bhfeidhm ar an sloinne sin Parnell agus "Páirc Uí Phairnéil" nó rud éigin cosúil leis sin a dhéanamh de. Is amhlaidh, áfach, gur minic a fhágtar an séimhiú ar lár sna sráidainmneacha más sloinne dúchoimhthíoch nó dubh-Ghallda atá agat ansin. Bíonn na liostaí oifigiúla féin lochtach go minic.
Maidir le sráidainmneacha BhÁC, is í an fhoinse is iontaofa, dar liom féin, ná [liosta Shéamuis Uí Bhrógáin], agus mar a fheicfidh tú, is é an leagan de "Parnell Street" agus a leithéidí eile i mBaile Átha Cliath is fearr le Séamas ná "Sráid Parnell" gan séimhiú. I rith na mblianta, d'fhoghlaim mé an-mhuinín a chur i mbreithiúnas Shéamais, agus mar sin, is é mo thuairim nár mhiste dúinn a pholasaí-sean a leanúint i sráidainmneacha agus logainmneacha cathrach taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath féin. Ar ndóigh, má tá údarás áitiúil ann le leagan éigin eile, ní mór dúinn an leagan sin a roghnú, áfach. Panu Petteri Höglund 18:30, 12 Aibreán 2007 (UTC)Reply
Sea, tá leabharmharca agam go dtí liosta Uí Bhrógáin, an ceann is fearr atá le fáil gan dabht. Mar sin, Páirc Parnell as seo amach. Athróidh mé é. GRMA a Phanu. --An Tóin Mór 19:24, 12 Aibreán 2007 (UTC)Reply

Agus imreoirí CLG (as BÁC)ag caint as Gaeilge an leagan is minice atá cloiste agam ná Páirc Pharnell. Sin ag scata maith cainteoirí. Rinagaeilge 23:33, 5 Márta 2010 (UTC)Reply

Botúin déanta ag 194.46.184.112 cuir in eagar

Caithfidh dul ar ais go dtí an leagan roimh athruithe an úsáideora seo, rinneadh dhá athrú atá mí-cheart. Conas a ndéantar é arís, ní cuimhim liom. GRMA. --Antóin 06:42, 28 Deireadh Fómhair 2008 (UTC)Reply

Díreach é, go raibh míle maith agat, a Alison! --Antóin 08:48, 28 Deireadh Fómhair 2008 (UTC)Reply
Return to "Páirc Parnell" page.