Plé:Seasmhacht amhairc

Latest comment: 17 bliain ó shin by Nmacu

An bhfuil údarás agat leis an téarma seo? Is é an leagan atá ag Téarmaí Teilifíse agus Raidió ar "persistence of vision" ná seasmhacht físe.Panu Petteri Höglund 20:25, 12 Márta 2007 (UTC)Reply

Bhí an téarma eile feicthe agam ach úsaidim marthanacht radhairc i mo chuid teagaisc ar an ábhar seo bunaithe ar phlé le téarmeolaí - shíl muid beirt gur focal níos nádúrtha é marthanachtseasmhacht agus tá an focal fís in úsáid níos mó mar ghiorrúchán ar físeán i réimse na teilifíse ná an bhrí atá aici do vision. É sin ráite, ní chuireann seasmhacht as dom mórán (cé go bhfuil dianseasmhacht níos cruinne mar aistriúchán ar persistence). Tá dianseasmhacht amhairc ag an bhFoclóir Oideachais do persistence of vision agus tá amharc i bhfad níos deise ná fís sa chomhthéacs seo. Bheadh mé sásta leis an leagan sin in ionad marthanacht radhairc. Nmacu 11:55, 13 Márta 2007 (UTC)Reply
Aontaím leat go bhfuil radharc níos fearr ná fís sa chiall seo. Mar sin féin, tá mé cineál míshásta leis an bhfocal mór sin marthanacht, ós rud é go bhfuil sé, bhuel, ró-"mhór", ró-léannta mar fhocal. Ba chóir duit, ar aon dul, leathanaigh athsheolta a chur ar bun don té a thiocfaidh anseo ar lorg seasmhacht físe. B'fhearr liomsa comhréiteach a dhéanamh agus seasmhacht radhairc a shocrú mar théarma "oifigiúil" don Vicipéid. Panu Petteri Höglund 08:34, 14 Márta 2007 (UTC)Reply
Céard faoi seasmhacht amhairc in ionad seasmhacht radhairc os rud é go bhfuil go bhfuil dianseasmhacht amhairc san Fhoclóir Oideachais agus seasmhacht físe san Fhoclóir Teilifíse? Bheadh mise sásta leis sin agus is féidir liom leathanaigh atreoraithe a chur isteach do na leaganacha malartacha. Nmacu 17:01, 14 Márta 2007 (UTC)Reply
Return to "Seasmhacht amhairc" page.