Plé:Sliabh Everest (Teomólungma)

(Athsheolta ó Plé:Teomólngma (Sliabh Everest))
Latest comment: 11 bliain ó shin by SeoMac

An bhfuil aon údarás agaibh le "Teomólungma" nó "Teomólongma"?Panu Petteri Höglund 13:45, 16 Iúil 2008 (UTC)Reply

Féach http://www.geonames.de/land3.html
  • gle: Sliabh Everest / Sliaḃ Everest; Teomólungma / Teomólungma
  • zho: 珠穆朗瑪峰/珠穆朗玛峰 (Zhūmùlǎngmǎ fēng)
  • rus: Джомолунгма (Džomolungma); Эверест (Ėverest)
  • uig: جومولاڭما / Jomolangma / Җомолаңма; ئېۋېرېست / Éwérést / Эверест
  • hin: माउंट एवरेस्ट (Māuṃṭ Evaresṭ); चोमोलंगमा (Čomolaṃgmā)
  • pan: ਚੋਮੋਲੋਂਗਮਾ (Čomoloṃgmā)

Éóg1916 09:13, 26 Bealtaine 2010 (UTC)Reply

Níl sé soiléir a bhfuil aon údarás ag an dream taobh thiar de www.geonames.de. Fuair siad leagan Gaelaithe den ainm Tibéidise áit éigin, ach cá háit? "Sliabh Everest" atá ag Focal.ie agus in Atlas na Scoileanna. D'úsáid www.beo.ie "Sliabh Everest" uair amháin, "Everest" gach uair eile. Tá "Cnoc Everest" feicthe agam freisin. "Everest" a bheidh á lorg ag an léitheoir--Níorbh fhiú Teomólunga a bheith againn, mar sin, fiú mar redirect. Níl aon údarás againne leaganacha faoi leith de logainmneacha a chumadh ná a mholadh. Níltear ag déanamh aon mhaitheasa do chúis na teanga ach oiread--Ní dhéanann sé aon dochar don Ghearmáinis ná don Fhraincis "Everest" a úsáid. Is fiú amharc ar na Vicipéidí eile--Mount Everest, Monte Everest, srl a bhí ar gach ceann ar thug mé amharc orthu. Luann an chuid is mó díobh na leaganacha áitiúla san alt féin, ach fiú ansin, ní litrítear an t-ainm Tibéidise de réir litriú theanga na Vicipéidí atá i gceist. Tabhair faoi deara freisin go bhfuil Sliabh Everest ar an teorainn idir dhá thír agus go bhfuil roinnt teangacha i gceist. Cad tuighe an Tibéidis a roghnú thar na teangacha áitiúla eile? SeoMac (talk) 23:25, 15 Lúnasa 2012 (UTC)Reply
Return to "Sliabh Everest (Teomólungma)" page.