Haigh, a húsáideoir 207.127.241.2! Tá fáilte romhat chuig an Vicipéid. Moltar duit go mór cuntas pearsanta a fháil, chun ainm a thabhairt le do chuid dréachtaí.

Go ginearálta, iarrtar nach ceart aon duine na leathanaigh úsáideoirí a hathrú, seachas an úsáideoir é fhéin. Measann roinnt daoine go cuireann seo isteach ar daoine, fiú go bhfuil ceartúcháin i gceist. Ár ndoigh, tá tú saor teachtaireachtaí a scríobh, go mór mór ar na leathanaigh phlé.

Go raibh maith agat as ucht do intinn cabhrach! Má tá cabhair eagarthóireachta ag teastail uathu, féach ar Vicipéid:Conas a cuirtear leathanach in eagar, nó na Ceisteanna Coiteanta, nó cuir cheist san Vicipéid:Halla baile. Agus, ar ndoigh, tá tú saor ceist a chur chugam ag Plé úsáideora:Gabriel Beecham. Bain súp as! --Gabriel Beecham

A Gabriel
Ní mórán ´súp´ a bhainfidh mé as - ní cosúil go bhfuil tú ag freagairt ceiste ar bith a chuireas chugat le trí mhí anuas. Fch do lch plé féin. Agus deirtear go soiléir i Vicipéidí eile nach bhfuil aon chosc speisialta ar lgh pearsanta - cheapfainnn nár chóir ábhar an lgh a athrú, ach gur mhaith an rud gramadach agus syntax a cheartú, agus gur riachtanach é amanta ionus go dtuigfí scríobh. Meabhar Nollaig 1, 2004.

Go raibh maith agat! cuir in eagar

A mheabhair, a chara,

Go raibh maith agat as ucht do chuid ceartuchán — agus ná bíodh imní ort go gcuireann tú stuaic orm, mar ní chuireann aon cheartú olc orm. Is ceartú ann féin an rud a chuireann an "neart speisialta" ar an Vicipéid, nach ea? :) Mar sin, tá fios maith agam nach bhfuil ach droch-Gaeilge orm, agus nach dtiocfaidh feabhas ar mo chuid Gaeilge muna dtaispeántar mo chuid dearmad dom.

Le meas agus buíochas, --Ryanaxp 19:52, 29 Nov 2004 (UTC)


A Ryanaxp, a chara
Is maith tú a bheith linn. Agus tá an cheart agat - níl spórt ná brí sa Vicipéid muna ndeinimid iarracht sinn féin a chur in iúl. Agus mar a tharlaíonn sa chaint, tiocfaidh feabhas orainn go léir inár gcuid líofachta. Agus a Gabriel, sílim go bhfuil freagra do cheiste thuas. Agus rinneas logáil isteach, ach cuireadh as feidhm na ¨cookies¨ ar an ríomhaire seo (an bhfuil focal ar cookie ag aoinne?). Mar sin, is mise (le cóipeáil ainm úsáideora) --Meabhar 20:11, 29 Nov 2004 (UTC)