A Joe, Chonac an teachtaireacht san a d'fhágais agam. Tá's agam go bhfuil leagan Gaelainne de Wikipedia ar fáil. Is cuimhin liom go bhféachas le roinnt dearúdaí gramadaí agus litrithe a cheartú ar an leathanach fáilte anuiridh ach gur athraíodh thar n-ais aríst iad. Is annamh a bhíonn aga agam ar aon ní a dhéanamh ar Wikipedia ach casfaidh mé le halt a scríobh tráth éigint, ceart go leor. Go raibh maith agat agus Dia leat, An Muimhneach Machnamhach


A Sheosaimh, a chara: Tá an ceart agat go hiomlán, ach is é an scéal atá ann go bhfuilimid in anás daoine a bheadh ina gcainteoirí agus ina nGaeilgeoirí maithe agus iad eolach ar chúrsaí na ríomhairí san am céanna. Níl mórán maithe ionam féin leis na ríomhairí, ach is Gaeilgeoir measartha maith mé féin, agus tá mé ag déanamh mo dhichill mar is féidir liom. Tuigim do chás má tá tú míshásta leis an gcuma atá ar an Vicipéid áirithe seo, ach is é an t-aon leigheas amháin atá ann ná go rachaidh tú ar lorg daoine a bheadh fonnmhar agus ábalta na rudaí nach bhfuil chun do shástachta a cheartú, is é sin, mura bhfuil tú féin sásta an obair a dhéanamh. Ós rud é nach bhfuil mé féin lonnaithe in Éirinn, ní féidir liom é sin a dhéanamh. Má tá aithne agat ar dhaoine a d'fhéadfadh cuidiú linn, déan do chion agus earcaigh iad. Tá mé suite siúráilte go mbeidh gach duine breá sásta soicheallach. Panu Petteri Höglund 17:15, 16 Nollaig 2006 (UTC)Reply

Drop me A Line cuir in eagar

Dia duits!! Tá mé Miss Bono! Tá Máire ina cónaí san Cuba.. An bhfuil anybody who can welcome me? I need a favour from anyone who can speak both Irish and English. Please reply here: en.wikipedia.org/wiki/User talk:Miss Bono... Thanks very much! Miss Bono (talk) 19:11, 2 Iúil 2013 (UTC)Reply