Plé Vicipéide:Lámhleabhar Stíle

Latest comment: 13 bliain ó shin by Tameamseo in topic An Caighdeán agus a theorainneacha

Nil ciall leis an rial sin faoin alt. Cen udaras ata agat leis an raiteas seo? Scriobhtar an alt rompu, mar i dteangacha, ach ta se riachtanach an focal fein a fheiceail chun go n-aimseodh duine an Bheilg faoi 'b', an Riocht Aontaithe faoi 'r' agus mar sin de. Is ga feachaint ar theangacha eile, mar an Fhraincis, agus feicfidh sibh. Ma eirionn linn uimhir mhaith alt a chur le cheile, feicfear an ga ansin.Meabhar 17:11, 23 Aug 2004 (UTC)

An Caighdeán agus a theorainneacha cuir in eagar

Ceist agam oraibh ó thaobh an chaighdeáin dó: cad é na rudaí a nglacann sibh leofa anseo? Cad chuighe nach féidir glacadh le foirmeacha giota beag canúnacha? Cibé ar bith, an duine a bhfuil Gaeilg aige tuigfidh sé achan rud, agus cha dtuigeann an foghlaimeoir achan rud, bíodh sé caighdeánach nó nach mbíodh... An nglacfaí le "go dteachaigh" in áit "go ndeachaigh", le "fá" srl ? Tá siad sin uilig i bhfoclóir Uí Dhónaill, mar sin ciallaíonn sé, dar liom, go nglactar leofa ins a’ chaighdeán. Tá caighdeán litrithe ann, agus caighdeán teangtha. Má scríobhaim i nGaeilg Thír Chonaill, an mbeidh cead agam scríobh ins a’ Vicipéid seo? (is amhlaidh a deirim libh nach go díreach mar atá mé ’scríobh anois a scríobhfainn ins a’ Vicipéid, ar ndóighe!). Is iomaí alt a tchím anseo agus nach bhfuil scríofa sa chaighdeán, mar shampla an t-alt fá dtaobh don Bhriotáinis, a bhfuil cuid mhaith tréithí Muimhneacha ann. Agus is deas liom sin, ba mhaith liom cead a bheith agam a’ rud céarna a dhéanamh! Grma roimhe ré.

Lughaidh 21:20, 19 Eanáir 2007 (UTC)Reply

B'fhearr cloí le caighdéan docht go leor, measaim, mar shmapl níor chóir go mbeadh duine in ann a aithint go bhfuil alt ar leith i gcanúint ar leith, is ga bheith caighdeánach. Rinagaeilge.

Cén fáth? Níl cosc ar na canúintí! Tá canúnachas in ailt áirithe cheana féin agus is cuma faoi. Ba cheart go mbeadh daoine nach bhfuil canúint áirithe acu in ann an t-alt a thuiscint ar ndóigh ach ni gá gach rud a chaighdeánú. Ní gá cosc iomlán a chur ar na canúintí ar chor ar bith. Agus tá go leor droch-Ghaeilge le fáil in ailt áirithe, fadhb atá i bhfad níos measa ná an canúnachas. Seachas bheith ag iarraidh gach rud a chaighdeánú agus cosc a chur ar na canúintí b'fhearr dúinn na botúin nach bhfuil ceart i gcanúint ar bith a cheartú.Tameamseo 23:46, 8 Iúil 2010 (UTC)Reply
Return to the project page "Lámhleabhar Stíle".