Plé teimpléid:Foireann pheile náisiúnta bosca eolais

Latest comment: 11 bliain ó shin by Antóin

Hmm...roinnt ceartúchán le déanamh anseo.

  1. Éidí? - nach é "culaith" an focal ceart? Ní focal Gaeilge an focal "éidí".
  2. Cónaidhm? - mícheart. Ní grúpa stát atá i gceist. "Comhaontas" an focal ceart anseo.
  3. Traenálaí? - mícheart. Ní hionann "traenálaí" na Gaeilge agus "trainer" nó "coach" an Bhéarla. "Bainisteoir" an focal ceart anseo. Arís, ní hionann "bainisteoir" na Gaeilge agus "manager" an Bhéarla (ach is cinnte go bhfuil cosúlachtaí ann).
  4. Curiarracht tinrimh? - frása níos Gaelaí é "An imreoir is mó a roghnaíodh", nach ea?
  5. Ardaimsitheoir? - "Príomhscórálaí" an focal ceart.
  6. Idirnáisiúntas? - ní eagraíocht nó cumann atá i gceist anseo, ach cluiche. "An chéad chluiche idirnáisiúnta" an frása ceart.
  7. Bua is mó - "Toradh is fearr"
  8. Cailleadh is mó - "Toradh is measa"

Mac Tíre Cowag 18:34, 18 Bealtaine 2012 (UTC)Reply

D'aontóinn leatsa sna cásanna seo thuas, a Mhic Tíre. Lean ort leis na hathruithe, más mian leat! Maidir le bainisteoir vs traenálaí, dealraítear go bhfuil plé déanta air cheana féin. Níor thángthas ar chinneadh, áfach.--Antóin (talk) 20:28, 21 Bealtaine 2012 (UTC)Reply
Return to "Foireann pheile náisiúnta bosca eolais" page.