Pluais Karampuang
Pluais bheag phailéiliteach shármhaisithe san Indinéis ó timpeall 52,000 RC is ea Pluais Karampuang. Tá an phluais suite ar oileán Sulawesi i bPáirc Náisiúnta Bantimurung-Bulusaraung i ndeisceart na hIndinéise. Tá cáil uirthi as an bpéintéireacht is an ghreanadóireacht nádúraíoch mhúrach d'ainmhithe
Cineál | Pluais agus suíomh seandálaíochta | ||
---|---|---|---|
Suíomh | |||
Limistéar riaracháin | Samangki, An Indinéis | ||
Creidtear gurb é fionnachtain ealaíne uaimhe i Karampuang an radharc is sine ar domhan a léirítear san ealaín fíorach. Tá an phéintéireacht ar a laghad caoga míle bliain d’aois agus léiríonn sé muc allta in aice le trí fhíor atá cosúil le daoine. Mar gheall ar an suíomh a bheith ag taobh aghaidh aille, creidtear gur thug na daoine cuairt go sonrach air chun péinteáil. Tháinig an fhionnachtain seo, foilsithe san iris Nature ar an 3 Iúil 2024,[1] salach ar an toimhde a bhí ann le fada, gurbh í an Eoraip áit bhreithe na healaíne uaimhe.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Adhi Agus Oktaviana, Renaud Joannes-Boyau, Budianto Hakim, Basran Burhan, Ratno Sardi, Shinatria Adhityatama, Hamrullah, Iwan Sumantri, M. Tang, Rustan Lebe, Imran Ilyas, Abdullah Abbas, Andi Jusdi, Dewangga Eka Mahardian, Sofwan Noerwidi, Marlon N. R. Ririmasse, Irfan Mahmud, Akin Duli, Laode M. Aksa, David McGahan, Pindi Setiawan, Adam Brumm, Maxime Aubert (2024-07-03). "Narrative cave art in Indonesia by 51,200 years ago" (as en). Nature: 1–5. doi: . ISSN 1476-4687.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (6 Iúil 2024). "Nuacht Mhall (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-07-07.