Ealaín na seanchlochaoise a cruthaíodh timpeall 30,000 bliain ó shin. Caomhnaithe i bpluaiseanna aolchloiche sa bhFrainc is sa Spáinn tá múrmhaisithe mórthaibhseacha ag léiriú radhairc seilge ina bhfuil líníochtaí réalaíocha capall, tarbh is a lán ainmhithe eile atá imithe in éag nó nach bhfuil le fáil san Eoraip anois. Tá dealbhóireacht i gceist freisin: is é Véineas Willendorf an sampla is cáiliúla, píosa 11.5 cm ar airde de bhean thorrach. Thángthas ar na saothair seo i seomraí a bhí beagnach doshroichte, go domhain faoin talamh. Mar sin, meastar gur le haghaidh searmanas reiligiúnda nó draíochtúla iad seo.[1]

Péintéireacht uaimhe Gwion Gwion ón Astráil

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ealaín Phailéiliteach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 234.