Poblacht de chuid Chónaidhm na Rúise is ea Poblacht Shacha (Rúisis: Республика Саха (Якутия), Sachais/Iacúitis: Саха Өрөспүүбүлүкэтэ/Sakha Öröspüübülükete). In 2010 bhí daonra 958,528 duine aici, a raibh a bhformhór ina nIacútaigh agus ina Rúisigh.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilPoblacht Shacha
Саха Өрөспүүбүлүкэтэ (sah) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnAmhrán náisiúnta Phoblacht Shácha Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 66°24′N 129°10′E / 66.4°N 129.17°E / 66.4; 129.17
Stát ceannasachan Rúis Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairYakutsk Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán981,971 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús0.32 hab./km²
Teanga oifigiúilan Rúisis
Sachais Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deFar Eastern Federal District (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla3,083,523 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síYakut Autonomous Soviet Socialist Republic (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú27 Meán Fómhair 1990
Eagraíocht pholaitiúil
• President of the Sakha Republic (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataAysen Nikolayev Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2RU-SA Cuir in eagar ar Wikidata
OKTMO ID (en) Aistrigh98000000 Cuir in eagar ar Wikidata
OKATO ID (en) Aistrigh98 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinsakha.gov.ru Cuir in eagar ar Wikidata

Tá sí ar an limistéar féinrialaithe fo-náisiúnach is mó ar domhan agus méid 3,083,523 ciliméadar cearnach inti. Is é Yakutsk an phríomhchathair. Tá aeráid dhian ag an bpoblacht agus na teochtaí is ísle sa leathsféar thuaidh taifeadta i gcuid de na cathracha. Tá meánteocht gheimhridh Yakutsk faoi bhun 35 °C.[1]

Bíonn an samhradh an-te i gcuid mhór den phoblacht de thoradh na gclaontaí hipir-ilchríochacha.

Geografaíocht cuir in eagar

 
Fána de chuid Phoblacht Shacha: faoileán Ross, corr mhóna Shibéarach, béar bán, capall agus réinfhia. Mionleathanach stampaí poist ón Rúis, 2006.

Tá an phoblacht ag síneadh chomh fada ó thuaidh le hOileán Henrietta agus í ag críochantacht leis an Aigéan Artach. Faoi láthair bíonn an fharraige sin faoi oighear ar feadh idir naoi agus deich mí.

Tá an phoblacht roinnte ina trí chrios mhóra fásra. Tá timpeall 40% di os cionn an chiorcail Artaigh agus an chuid sin go léir ina talamh síorshioctha, rud a bhfuil tionchar mór aige ar éiceolaíocht an réigiúin. Tundra Artach agus fo-Artach is ea an réigiún láir agus é faoi chaonach agus léicean ar fad, an bia is ansa leis na réinfhianna. Sa chuid theas den tundra tá garráin mhionphéine Sibéirigh agus learóg feadh na n-aibhneacha. Laisteas den tundra tá coillte móra. Learóga is coitianta sa tuaisceart agus tá garráin ghiúise agus phéine sa deisceart. Tá beagnach 47% den phoblacht faoi choillte agus learóga is ea beagnach 90% de na crainn.

Tá an iliomad aibhneacha, lochanna agus oileán sa phoblacht.

 
Abhainn na hUra.
 
Abhainn na hOlyokma.

Acmhainní nádúrtha cuir in eagar

Tá mórán acmhainní nádúrtha sa phoblacht. Orthu sin tá ola, gás, gual, diamaint, ór, airgead, stán agus tungstan. Soláthraíonn an phoblacht 90% de dhiamaint Rúiseacha agus os cionn 25% de na diamaint a bhaintear sa domhan.[2][3]

Réamhstair cuir in eagar

Tá tábhacht phailé-ointeolaíoch leis an tSibéir agus go háirithe leis an Iacúitia sa mhéid gur sa réigiún sin a thángthas trasna ar ainmhithe ón sealad Pléisticéineach a bhí caomhnaithe ag an oighear nó i dtalamh síorshioctha. Fuarthas coileáin leon uaimhe, mamait lomracha, srónbheannach lomrach, capaill agus buabhaill.[4]

Cultúr Neoiliteach Déanach sa tSibéir ba ea an cultúr Ymyakhtakh (c. 2200–1300 RCh) agus tá a chuid iarsmaí le fáil go forleathan. Thosaigh sé in Sacha agus leathnaigh soir agus siar.[5]

Stair luath cuir in eagar

Is dócha gur lonnaigh pobal Sachach nó “Iacútaigh” sa réigiún sa 13ú haois agus sa 14ú haois tar éis dóibh teacht aneas ó Loch Baikal go dtí lár abhainn na Lena. As sin d’imigh siad siar agus siar ó thuaidh de réir a chéile agus a n-aghaidh ar an Aigéan Artach. Bunús Tuirciceach atá leis an ainm “Sacha,” focal a thagann ó "saqa-saha" nó bata. Bunús Tuirciceach atá le “Iacúit” freisin, ós leagan truaillithe é de zhaqut – yakut nó cloch lómhar. Rúibín atá i gceist.

Thug na Sachaigh tréadachas Lár-Áiseach isteach leo agus iad ag easáitiú na n-aoirí réinfhianna agus na sealgairí a bhí rompu ann, dreamanna a bhí i bhfad níos lú. Bhí na Pailé-Shibéaraigh agus na Tungusaigh, pobail dhúchais, comhtháthaithe leis na Sachaigh faoin 17ú haois.[6]

Concas Rúiseach cuir in eagar

Thosaigh an Rúis ag gabháil an réigiúin sa 17ú haois. Bhronn Tygyn, taoiseach Iacútach, talamh ar na Rúisigh i gcomhair áit lonnaithe mar mhalairt ar chomhaontú míleata a bheadh cogadh i gcoinne reibiliúnaigh dhúchasacha san Áise Thoir Thuaidh mar chuid de.

 
Léarscáil Yakutsk Oblast 1821.

In 1638 bhunaigh an rialtas i Moscó líomatáiste riaracháin nua a bhí le rialú ag Lensky Ostrog, daingean a chuir Pyotr Beketov ar bun in 1632 agus a ndéanfai cathair Yakutsk de le himeacht aimsire. Is dócha gur sa 17ú haois a bhain lonnaitheoirí Rúiseacha amach Russkoye Ustye, áit iargúlta i ndeilt thuaisceartach Indigirka.[7] Bunaíodh Gobharnóireacht na Sibéire mar chuid d’Impireacht na Rúise in 1708.

 
Eaglais in Russkoye Ustye

Thosaigh lonnaitheoirí Rúiseacha ag bunú pobail sa réigiún san 18ú haois. Ghlac siad chucu nósanna Iacútacha áirithe agus thugtaí “Yakutyane" (Якутя́не) orthu nó “bunlonnaitheoirí Lena” (ленские старожилы). Ach bhí siad comhshamhlaithe ag slua Rúiseach eile faoin bhfichiú haois.

Impireacht na Rúise cuir in eagar

Rinne leasú riaracháin in 1782 agus bunaíodh Gobharnóireacht Irkutsk. In 1805 scaradh Yakutsk Oblast ón ngobharnóireacht. Sa chéad chuid den 19ú haois ba é Yakutsk Oblast an chríoch ab oirthearaí d’Impireacht na Rúise. Bunaíodh Primorskaya Oblast in 1856 agus dealaíodh críocha Rúiseacha an Aigéin Chiúin ón Iacúit.

 
Baill de Dhúma (oireachtas) Réigiúnach na Sibéire ó Yakutsk, 1917.

Chuir na Rúisigh feirmeoireacht ar siúl in abhantrach na Lena. Grúpaí reiligiúnacha a díbríodh go Sacha sa dara cuid den 19u haois thosaigh siad ag cur cruithneachta, coirce agus prátaí. Lean úsáid airgid thirim gnó an fhionnaidh. Cuireadh dlús le tionsclaíocht agus le hiompar i ndeireadh an 19ú haois agus i dtús na tréimhse Sóivéadaí. Cuireadh tús le sirtheoireacht gheolaíoch, mianadóireacht agus déantús na luaidhe, agus tháinig na chéad ghaltáin agus báirsí.

Bhí an Iacúit an-iargúlta agus sin é an fáth a gcuireadh rialtas an tSáir agus an rialtas Cumannach ionnarbthaigh ann.

An ré Shoivéadach cuir in eagar

Ar an 27 Aibreán 1922 fógraíodh Yakust Oblast mar Phoblacht Fhéinrialaitheach Shoivéadach Shóisialach na hIacúite, cé go raibh oirthear na críche, agus cathair Yakutsk san áireamh, faoi smacht na Rúiseach Bán. In 1992, i ndiaidh thitim an Aontais Shóivéadaigh, aithníodh an Iacúit mar Phoblacht Shacha (na hIacúite) faoi dhlínse na Cónaidhme Rúisí. Tá an Iacúit ina cuid den tSibéir Rúiseach ó thaobh na staire de, ach tá sí ina cuid den Chianoirthear Rúiseach mar líomatáiste riaracháin ó bunaíodh an Dúiche Chianoirthearach Fheidearálach in 2000.

Teangacha cuir in eagar

Is iad na teangacha oifigiúla an Rúisis agus an tSachais (a dtugtar Iacúitis uirthi freisin). Tá Sachais á labhairt ag tuairim is 40% den phobal. Baineann an tSachais leis an bhfine theangeolaíoch Thuirciceach.

Reiligiún cuir in eagar

Sular tháinig Impireacht na Rúise i réim, chreid an chuid is mó de mhuintir na háite sa Teingreachas, mar a rinne pobail Thuirciceacha eile na hÁise Láir, nó sa seamanachas dúchasach lena chuid seaman “geal” (a threoraigh an pobal) agus seaman “dorcha” (a leigheas daoine trí thuras spioraid). Ar theacht na Rúiseach rinneadh baill d’Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise de mhuintir na háite agus tugadh orthu ainmneacha Críostaí a thabhairt orthu féin, ach lean mórán acu orthu ag cleachtadh na seanreiligiún. Le linn an rialtais Shóivéadaigh d’imigh na seamain agus fágadh mórán acu gan chomharba.

Sna 1990í bhunaigh an t-iriseoir conspóideach Ivan Ukhkhan agus focleolaí a thugadh Téris air féin seamanachas nuaphágánach a tugadh aiyy yeurekhé air.[8] Chuaigh an grúpa seo agus grúpaí eile i gcomhar le chéile in 2002 chun teampall seamanach a thógáil i ngnócheantar Yakutsk.[9]

In 2008 dúirt ceannairí Ceartchreidmheacha go raibh bundúchasaigh na poblachta (nó an chuid díobh a raibh suim éigin acu i gcúrsaí reiligiúin) dílis do chreideamh “déach” nó go raibh claonadh chun an tsincréiteachais acu. Thabharfadh muintire na háite seaman isteach ar dtús agus ansin sagart chun deasghnách a dhéanamh i ngeall ar imeacht éigin.[10]

De réir an Lárionaid Eolais faoi Uachtarán Phoblacht Shacha (na hIacúite), (Информационный центр при Президенте РС(Я)), bhí déimeagrafaíocht reiligiunach an poblachta mar a leanas:[11] Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise: 44.9%, Seamanachas: 26.2%, Gan religiún: 23.0%, Religiúin nua: 2.4%, Ioslamachas: 1.2%, Búdachas: 1.0%, Protastúnachas: 0.9%, Caitliceachas: 0.4%.

De réir suirbhé a rinneadh in 2012,[12][13] baineann 37.8% den phobal le hEaglais Cheartchreidmheach na Rúise, 13% le Teingreachas nó seamanachas Iacútach, 2% leis an Ioslamachas, 1% le Críostaíocht gan eaglais, 1% le cineálacha Protastúnachais, agus 0.4% le Búdachas Tibéadach. Dúirt 26% gurbh aindiachaithe iad, dúirt 17% go raibh siad sáite sa spioradáltacht seachas sa reiligiún, agus dúirt 1.8% gur bhain siad le reiligiúin eile nó níor thug siad freagra ar an gceist.[12]

Polaitíocht cuir in eagar

 
Lá na Rúise á cheiliúradh in Mirny, Poblacht Shacha, 12 Bealtaine 2014.

Tugtar an Ceann ar cheann an Rialtais, cé go dtugtaí an tUachtarán air. Bhí Mikhail Yefimovich Nikolayev ar an gcéad cheann de Phoblacht Shacha. Tá Yegor Borisov ina Cheann ón mbliain 2010 i leith, agus tá Yevgeniya Mikhaylova mar Thánaiste aige. Is é Il Tumen, comhthionól aon seomra reachtaigh, an foras reachtaíochta is airde sa phoblacht.

Cothaíonn an phoblacht caidreamh dlúth leis na stáit neamhspleácha Thuirciceacha i gcúrsaí cultúir, polaitíochta, eacnamaíochta agus tionsclaíochta trína bheith ina ball den Chomhairle Thuirciceach, de Chomhriarachán Tuirciceach na nÉalaíon agus an Chultúir agus d’eagraíochtaí eile.[14][15][16]

Geilleagar cuir in eagar

 
Píosa neamhchoitianta óir ó Dhúiche Bulun in abhantrach na Lena. Timpeall sé ghram de mheáchan atá ann.

Ón tionsclaíocht a thagann an chuid is mó d’olltáirgeacht náisiúnta na Poblachta agus baint mhór aici le tochailt mianraí. Baintear diamaint, ór agus stán, in éineacht le húráiniam.

Tógann an pobal sachach eallach agus capaill agus tá an pobal dúchasach Pailé-Áiseach ina sealgairí, ina n-iascairí agus ina n-aoirí réinfhianna.

Iompar cuir in eagar

Ar uisce a iompraítear an chuid is mó de na hearraí. Tá sé chalafort abhann ann agus dhá chalafort mara. Tá ceithre chomhlacht loingis ann agus is í Abhainn na Lena na t-uiscebhealach is gnóthaí.

Ar eitleáin is mó a iompraítear daoine. Téann aerlínte go dtí an chuid is mó de réigiúin na Rúise agus tá aerfort idirnáisiúnta ag Yakutsk.

Tá dhá bhóthar fheidearálacha ag gabháil tríd an bpoblacht, Bóthar Mór A360 Lena (Yakutsk–Skovorodino) agus Bóthar Mór M56 Kolyma (Yakutsk–Magadan). Ní féidir asfalt a úsáid ar na bóithre de thoradh talamh síorshioctha agus tá na bóithre déanta de chré. Más mór an lán uisce atá caite aige déantar pluda de na bóithre agus is minic taistealaithe sáinnithe dá bharr.[17]

Tá iarnród Berkakit–Tommot curtha ar bun agus é ina nasc idir Príomhlíne Amur Yakutsk agus na lárionaid tionclaíochta theas.

Oideachas cuir in eagar

Is iad na foras léinn is tábhachtaí Ollscoil Fheidearálach an Oirthuaiscirt agus Acadamh Stáit Feirmeoireachta Yakutsk.

Cultúr cuir in eagar

In Yakutsk is díol spéise iad an Amharclann Stáit Rúiseach, a ainmníodh as A. S. Pushkin, Amharclann Shacha, a ainmníodh as P. A. Oiyunsky, Amharclann Stáit Acadúil an Cheoldráma agus an Bhailé, a ainmníodh as D. K. Sivtsev, agus Suorun Omoloon (Amharclann na hÓige).

Tá a lán músaem ann. Orthu sin tá Músaem Náisiúnta Ealaíon Shacha, Músaem an Bhéaloidis agus na Staire, a ainmníodh as E. Yaroslavsky, Músaem Khomus agus Músaem an Talaimh Shíorshioctha.

Nótaí cuir in eagar

  1. Rosstat (Russian Statistical Service), 2010 Curtha i gcartlann Deireadh Fómhair 18, 2012, ar an Wayback Machine (xls). Léite ar an 15 Meitheamh 2012.
  2. "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}" (2000). Environmental Management and Health 11 (4): 318–336. doi:10.1108/09566160010372743. Dáta rochtana: 18 March 2018. 
  3. "Poor Region in Russia Lays Claim to Its Diamonds". New York Times.
  4. "Meet this extinct cave lion, at least 10,000 years old – world exclusive".
  5. Kicki Näslund, Short summary of Siberian pre-history and cultures – Academia.edu
  6. "Scott Polar Research Institute — Republic of Sakha".
  7. А. И. Гоголев. "История Якутии: (Обзор исторических событий до начала ХХ в.)". (A. I. Gogolev. Stair na hIacúite: Athbhreithniú ar imeachtaí stairiúla siar go tús an fichiú haois. Curtha i gcartlann Bealtaine 27, 2005, ar an Wayback Machine) Yakutsk, 1999.
  8. Yakutia (Sakha) Faces a Religious Choice: Shamanism or Christianity
  9. Whose Steeple is Higher? Religious Competition in Siberia
  10. Елена Дятлова (Yelena Dyatlova). "В Якутии господствует двоеверие (Ч. 1) (San Iacúit tá creideamh déach faoi réim)". “Во многих случаях нам говорили, что при совершении тех или иных обрядов или просто действий приглашают сначала шамана, потом священника. Правда, именно в таком порядке, признавая христианство чем-то высшим по отношению к местной магической языческой традиции, но это соединяя. Даже среди тех представителей якутской интеллигенции, с которыми мы общались, это стремление к синкретизму было отчетливо приметно. (Dúradh linn, agus deasghnátha éigin nó bearta ar siúl i ngeall ar a lán gnóthaí, go gcuirtear cuireadh chun seasmain ar dtús agus ansin chun sagairt. Is fíor, de réir an oird seo, go n-aithnítear go bhfuil an Chríostaíocht níos airde ná traidisiúin phágánacha dhraíochtacha áitiúla, ach seo nasc eatarthu. Go fiú i measc na n-intleachtóirí iatúcacha a rabhamar ag caint leo, bhí an claonadh seo chun sincréiteachais le haithint go soiléir.)” (Agallamh le Maxim Kozlov, sagart ó Mhoscó a bhí tar éis filleadh ó thuras misinéireachta síos abhainn na Lena i dteannta Easpag Yakutsk).
  11. "РЕЛИГАРЕ – Современная религиозная ситуация в Республике Саха (Якутия): проблемы и перспективы".
  12. 12.0 12.1 "Arena: Atlas of Religions and Nationalities in Russia" Curtha i gcartlann 2017-12-06 ar an Wayback Machine. Sreda, 2012.
  13. 2012 Arena Atlas Religion Maps. "Ogonek", № 34 (5243), 27/08/2012. Retrieved 21/04/2017. Archived.
  14. "Turkey seeks to institutionalize relations with Turkic republics – Today's Zaman, your gateway to Turkish daily news". Cartlannaíodh an bunleathanach ar October 14, 2013.
  15. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-01-03. Dáta rochtana: 2019-03-09.
  16. "Foreign Relations of the Sakha Republic (Yakutia)".
  17. EnglishRussia.com – Russian Roads

Naisc Sheachtracha cuir in eagar