An Pholáibis
Teanga mharbh í an Pholáibis a bhí á labhairt ag treibheacha Slavacha in oirthear na Gearmáine. Teanga Shlavach Iartharach a bhí ann, agus í an-ghaolmhar leis an gCaisiúibis, thar aon teanga eile. Bhí sí á labhairt chois na habhann úd Eilbe, a dtugtar Labe uirthi as Seicis.
Wenske, Slüvensťĕ, Vensťĕ agus Pülabsťĕ | |
---|---|
Cineál | teanga díothaithe |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 0 (1780í) |
Dúchasach do | Polabians (en) |
Stáit | an Ghearmáin agus an Pholainn |
Comhordanáidí | 51° 00′ N, 12° 50′ E / 51°N,12.83°E |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Bailt-Slavacha teangacha Slavacha teangacha Slavacha iartharacha Lechitic (en) | |
Cóid | |
ISO 639-3 | pox |
Glottolog | pola1255 |
Ethnologue | pox |
IETF | pox |
Fuair an cainteoir dúchais deireanach bás sa bhliain 1756. Seanbhean a bhí ann. Níor forbraíodh teanga liteartha don Pholáibis riamh, ach is féidir teacht ar iarsmaí scríofa in áiteanna, ó chuir cúpla duine suim sa teanga nuair a bhí sí ag saothrú an bháis. Scríobh an feirmeoir Johann Parum Schulze (1677-1740) croinic chuimsitheach faoi shaol na bPolábach, agus an teanga ó dhúchas aige. B'é an ministir Protastúnach Christian Henning von Jessen a bhreac síos an chuid is mó de na teilgeanacha cainte sa teanga atá fágtha. Bhí cónaí ar Schulze i Süthen, agus Jessen lonnaithe i Wustrow. Tá an dá áit suite in aice le Hannover, mar a bhfuil ceantar tuaithe Lüchow-Dannenberg inniu. B'ansin a mhair an teanga ní b'fhaide ná in aon áit eile, agus inniu féin, tugtar Wendland nó Tír na Slavach ar an gceantar go minic.