Is é Port-au-Prince (fuaimnithe /ˌpɔrtoʊˈprɪns/; i bhFraincis: [pɔʁopʁɛs]; i gCriól Háítíoch: Pòtoprens) príomhchathair Háítí agus an chathair is mó sa stát Cairibeach Háítí. Thug an daonáireamh sa bhliain 2003 le fios go raibh daonra oifigiúil de 704,776 ag an chomún.[1]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilPort-au-Prince

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 18°32′33″N 72°20′19″W / 18.5425°N 72.3386°W / 18.5425; -72.3386
Stát ceannasachHáítí
Department of Haiti (en) AistrighOuest (en) Aistrigh
Arrondissement of Haiti (en) AistrighArrondissement Port-au-Prince Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán987,310 (2015) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús27,394.84 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla36,040,000 m² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceGulf of Gonâve (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Airde98 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1749
Eachtra thábhachtach
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistHT6110 Cuir in eagar ar Wikidata

Tá an chathair Port-au-Prince ós comhair Mhurascaill na Gonâve. Coinnigh an cuan ar a luíonn an chathair, a fheidhmíonn mar cuan nádúrtha, gníomhaíocht eacnamaíoch ón seansibhialtacht Arahuaco. Ar dtús, bhí an chathair ionchorpraithe faoi riail choilíneach na Fraince sa bhliain 1749, agus is í an chathair is mó i Háítí ó shin. Tá leagan amach na cathrach cosúil le hamfaitéatar; na ceantair tráchtála in aice leis an uisce, agus na comharsanachtaí cónaithe lonnaithe ar na cnoic os a gcionn. Tá sé deacair daonra na háite a mheas mar gheall ar an bhfás tapa a slumaí sna hárda os comhair na cathrach; tugann na meastacháin is déanaí le fios go bhfuil an daonra idir 2.5 agus 3 mhilliún duine.

Rinne an crithtalún a tharla ar an 12 Eanáir 2010 díobháil mhór don chathair, le líon mór damáiste nó scrios déanta ar na struchtúir. Measann oifigigh an rialtais go bhfuil na céadta mílte marbh.