Sa teirmidinimic, cuireann an téarma próiseas eisiteirmeach síos ar phróiseas nó ar imoibriú a scaoileann fuinneamh ón gcóras go dtí a thimpeallacht, de ghnáth i bhfoirm teasa, ach freisin i bhfoirm solais (m.sh. spréach, lasair, nó splanc), leictreachas (m.sh. ceallra), nó fuaim (m.sh. pléasc a chloistear agus hidrigin á dhó). Eascraíonn a sanasaíocht ón réimír Gréagach έξω (exō, a chiallaíonn "amach") agus an focal Gréigise θερμικός (thermikόs, a chiallaíonn "teirmeach"). [1] Ba é Marcellin Berthelot a chum an téarma exothermique ar dtús.

Tá pléascanna ar chuid de na himoibrithe eisiteirmeacha is foréignía bhfuil ann.

A mhalairt de phróiseas a bhíonn i gceist i bpróiseas inteirmeach, próiseas a ionsúnn fuinneamh de ghnáth i bhfoirm teasa. Cuirtear an coincheap i bhfeidhm go minic sna heolaíochtaí fisiceacha ar imoibrithe ceimiceacha ina dtiontaítear nascfhuinneamh ceimiceach go fuinneamh teirmeach (teas).

Tagairtí cuir in eagar