Proinnsias de Priondargást

polaiteoir Éireannach

Ceardchumannaí agus polaiteoir Éireannach ab ea Proinnsias de Priondergást (13 Iúil 193319 Feabhra 2015). Bhí dlúthbhaint aige le saol na Gaeilge.

Infotaula de personaProinnsias de Priondargást
Beathaisnéis
Breith13 Iúil 1933
Bás20 Feabhra 2015
81 bliana d'aois
Teachta Dála
14 Nollaig 1982 – 20 Eanáir 1987 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 24ú Dáil

Toghcheantar: Luimneach Thoir

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile Corcaigh
Ollscoil Keele Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata

A luathshaol agus a shaol pearsanta cuir in eagar

Rugadh Proinnsias de Priondergást ar an 13ú Iúil 1933 i Luimneach. Bhí sé pósta ar Mary Sydenham agus beirt mhac agus beirt iníon orthu.

D’fhreastail se ar an Mhodhscoil, Ascaill Uí Chonaill, Luimneach, Scoil na mBráithre Críostaí, Luimneach, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Ollscoil Keele (M.D i gcaidreamh Tionsclaíochta).

A shaol gairmiúil cuir in eagar

Ba Luimníoch go smior é Proinnsias de Priondargást le tamall fada caite aige i gcúrsaí poiblí na Cathrach ársa úd agus Réigiún an Mheán-Iarthair i gcoitinne. Dob iad an Ghaeilge agus an Ceardchumannachas is mó a spreag é i rith a shaol ar fad. Lean sé ceird thraidisiúnta a mhuintir mar bháicéir ar dtús, ach chas sé go luath i dtreo an cheardchumannachais mar ba dhual dó, ón dá thaobh dá mhuintir.

Bhí sé ina Uachtarán Ginearálta ar Chumann Báicéirí agus Milseánaithe na hÉireann sna blianta 1967-1970 agus chaith sé fiche bliain mar Oifigeach Sinsearach lánaimseartha an ITGWU i Luimneach, i gChláir agus i dTiobraid Árann ó 1973 go 1990 agus thar cheann SIPTU ó 1990 go 1993.

Oileadh le Gaeilge é ag Modhscoil Luimnigh agus Scoil na mBráithre Críostaí i Sráid Sheasnáin. Tá idir leabhair agus altanna scríofa aige i nGaeilge agus Béarla ar chúrsaí staire áitiúla, logainmneacha agus araile.

Bhí sé ina bhall de chomhairle Theilifís na Gaeilge sna blianta 1994-2000 agus freisin mar bhall de ghobharnóirí an Scoil Léinn Cheiltigh, Institiúid an Ard-Léinn, Baile Átha Cliath ( 1996-2000). Bhí sé ina bhall den Choimisiún Logainmneacha ó 1997 i leith.

Bhí sé ina bhall tofa de Bhardas Luimnigh ó 1974-1999. Bhí sé ina Mhaor ar Chathair Luimnigh sna blianta 1977-78, 1984-85.

Ba Theachta Dála é do Dháilcheantar Luimnigh Thoir ó 1982 go 1987.

Osclaíodh Leabharlann Chuimhneacháin Phroinséas de Priondargást ag Gaelcoláiste Luimnigh sa bhliain 2010 ag Aire na Gaeltachta, Pat Carey.

Shíothlaigh sé in Oispidéal na hOllscoile, Luimneach ar an 19ú lá Feabhra 2015.