Baile beag ar Leithinis Bellarine i ndeisceart Victoria na hAstráile is ea Queenscliff. Tá sé suite in aice le Port Phillip. Is é lárionad riaracháin Bhuirg Queenscliffe é. De réir dhaonáireamh na bliana 2011 bhí 4,072 duine ina gcónaí ann.[1] B’ionad saoire cois trá é in ochtóidí an naoú haois déag: tá tarraingt na dturasóirí anois air agus cáil ar a oidhreacht Victeoireach. Caladh de chuid bhád farantóireachta Searoad go Sorrento ar Leithinis Mornington is ea é.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilQueenscliff, Victoria

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 38°16′00″S 144°39′00″E / 38.2667°S 144.65°E / -38.2667; 144.65
Stát ceannasachan Astráil
Stát de chuid na hAstráileVictoria Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán1,315 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deLeithinis Bellarine Cuir in eagar ar Wikidata
Airde18 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist3225 Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Roimh theacht na nEorpach bhí cónaí ar threabhchas Bengalat Bulag den treibh Wathaurong ann, dream a bhain leis na Kulin.

Tháinig an Leifteanant John Murray i Mí Eanáir na bliana 1802 agus an Captaen Matthew Flinders i Mí Aibreáin na bliana sin, ag scrúdú na tíre. Bhí an daoránach William Buckley ina chónaí leis na Bundúchasaigh ann idir na blianta 1803 agus 1835.

Sa bhliain 1836 chuir suiteoirí fúthu i gceantar darbh ainm Whale Head. Ina dhiaidh sin tugadh Leathaill Shortland ar an áit as an Leifteanant John Shortland, duine a chuidigh le suirbhéireacht a dhéanamh ar Port Phillip. Sa bhliain 1853 thug an Leifteanant Charles La Trobe Queenscliff ar an áit le hómós don Bhanríon Victoria]].[2] Tosaíodh ag díol talaimh ann an bhliain chéanna.

D’oscail oifig an phoist ann ar 1 Bealtaine 1853 faoin ainm Shortland's Bluff agus sa bhliain 1854 tugadh Queenscliff air.[3]</ref>

Iascairí amháin a bhí ann ar dtús, ach ba ghearr gur phort mór tráchtála é Queenscliff agus tarraingt na ngaltán air. Cuireadh seirbhís phíolótach ar bun sa bhliain 1841 agus tógadh dhá theach solais, Solas Ard Queenscliffe agus Solas Íseal Queenscliff, sna blianta 1862 agus 1863. Bhí tábhacht le ueenscliff mar ionad míleata.[4] Tógadh Dúnfort Queenscliff idir na blianta 1879 and 1889, agus bhí sé i gceannas ar roinnt dúnfort eile timpeall an phoirt..[5]

Turasóireacht cuir in eagar

Bhí tarraingt mhór turasóirí ar Queenscliff sa chuid deiridh den naoú haois déag. Thagaidís ó Melbourne ar an ngaltán rotha Ozone, turas dhá uair an chloig.[6] Osclaíodh iarbhóthar go dtí Geelong sa bhliain 1879,[7] rud a mhéadaigh líon na dturasóirí. Tógadh a lán óstáin sóchais dóibh: tógadh an Palace Hotel (ar tugadh an Esplanade Hotel air níos déanaí) sa bhliain 1879, an Baillieu Hotel (Ozone Hotel) sa bhliain 1881,[8] an Vue Grande Hotel sa bhliain 1883 agus an Queenscliff Hotel sa bhliain 1887.

Ní thagadh an oiread sin turasóirí i ré an ghluaisteáin toisc nach mbíodh daoine ag brath ar Queenscliff mar lárionad taistil. Stad an t-iarnród de phaisinéirí a iompar sa bhliain 1950 agus dúnadh é sa bhliain 1976. Tháinig éileamh ar Queenscliff arís sna hochtóidí [9] agus thosaigh an daonra ag méadú.

Cúrsaí aelaíne agus cultúir cuir in eagar

 
Bád farantóireachta Searoad 'Queenscliff' á cur le balla ag Queenscliff

Féilte cuir in eagar

Bíonn an Queenscliff Seafood Feast,[10] ar siúl Aoine an Chéasta chun airgead a bhailiú don Royal Children's Hospital. Iascairí na háite a chuireann an t-iasc ar fáil.

Bíonn Féile Cheoil Queenscliff[11] ar siúl ar an deireadh seachtaine deireanach de Mhí na Samhna agus éileamh mór uirthi. Tagann ceoltóirí ón mbaile agus ón gcoigríoch.

Iarsmalanna cuir in eagar

Tá trí iarsmalann ann: Iarsmalann Stairiúil Queenscliff, Iarsmalann Mhara Queenscliffe agus Iarsmalann Dhúnfort Queenscliff.

Spórt cuir in eagar

Tá baint ag Club Peile Queenscliff (rialacha Astrálacha) le Sraithchomórtas Peile Bellarine.

Tá cúrsa Chlub Gailf Queensland le fáil ar Oileán na nEalaí.[12]

Meáin cuir in eagar

Bhunaigh Greg Wane an Queenscliffe Herald sa bhliain 1999. Eisean a chuir in eagar é go dtí an bhliain 2004, nuair a cheannaigh muintir Mhurchú é. Iadsan atá á fhoilsiú faoi láthair

Iompar cuir in eagar

Bealach Mór Bellarine an t-aon bhóthar amháin a thugann daoine isteach chun Queenscliff agus siar as sin chun Rinn Lonsdale agus Geelong.

Nótaí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar