Séard atá sa ráta úis ná an méid úis (méid airgid) atá dlite in aghaidh na tréimhse, mar chion den mhéid a thugtar ar iasacht, a thaisceadh nó a fuarthas ar iasacht (ar a dtugtar an phríomhshuim). Braitheann an t-ús iomlán ar mhéid a tugadh ar iasacht nó a fuarthas ar iasacht ar an bpríomhshuim, an ráta úis, an mhinicíocht imshocraíochta, agus an tréimhse ama a thugtar ar iasacht, a thaisceadh nó a fuarthas ar iasacht é.

Sainmhínítear é mar an cion den mhéid a fuarthas ar iasacht. a ghearrann iasachtóir mar ús ar an iasachtaí, leagtha síos de ghnáth mar chéatadán bliantúil.[1] Is é an ráta a ghearrann banc nó iasachtóir eile orthu siúd ar mian leo a chuid airgid a fháil ar iasacht, nó an ráta a íocann banc lena choigilteoirí as airgead a choinneáil i gcuntas.[2]

Is é an ráta bliantúil úis an ráta thar thréimhse bliana. Bíonn rátaí úis eile i bhfeidhm thar thréimhsí éagsúla, mar shampla mí nó lá, ach is gnách go ndéantar iad a bhliantúlú .

Fachtóirí tionchair cuir in eagar

Athraíonn rátaí úis de réir:

  • treoracha an rialtais chuig an mbanc ceannais chun aidhmeanna an rialtais a chur i gcrích
  • airgeadra na príomhshuime a tugadh ar iasacht nó a fuarthas ar iasacht
  • an téarma go dtí aibíocht na hinfheistíochta
  • dóchúlacht mainneachtana bhraite an iasachtaí
  • soláthar agus éileamh sa mhargadh
  • méid na comhthaobhachta
  • gnéithe speisialta cosúil le forálacha glaonna
  • riachtanais chúlchiste
  • iarmhéid cúiteach

chomh maith le fachtóirí eile.

Mar shampla cuir in eagar

Faigheann comhlacht caipiteal ar iasacht ó bhanc chun sócmhainní a cheannach dá gnó. Mar chúiteamh, gearrann an banc ús ar an gcomhlacht. (D’fhéadfadh go n-éileodh an t-iasachtóir cearta ar na sócmhainní nua mar chomhthaobhacht.)

Úsáidfidh banc an caipiteal a thaisceann daoine aonair chun iasachtaí a thabhairt dá gcliaint. Mar chúiteamh, ba cheart don bhanc daoine aonair a bhfuil a leas caipitil curtha i dtaisce acu a íoc. Braitheann méid na híocaíochta úis ar an ráta úis agus ar an méid caipitil a thaisc siad.

Téarmaí gaolmhara cuir in eagar

De ghnáth tagraíonn bunráta don ráta bliantúil a thairgeann an banc ceannais nó údarás airgeadaíochta eile ar thaiscí thar oíche.  Féadfaidh an Ráta Céatadánach B liantúil (RCB) tagairt a dhéanamh do RCB ainmniúil nó do RCN éifeachtach (RCBe). Is é an difríocht idir an dá cheann ná go dtugann an RCBe cuntas ar tháillí agus ar imshocraíocht, cé nach ndéanann an RCB ainmniúil amhlaidh

Úsáidtear an Ráta Coibhéiseach Bliantúil (RCB), ar a dtugtar an ráta bliantúil éifeachtach freisin, chun cabhrú le tomhaltóirí táirgí a chur i gcomparáid le minicíochtaí imshocraíochta éagsúla ar bhonn coiteann, ach ní thugann sé cuntas ar tháillí.

Cuirtear ráta lascaine i bhfeidhm chun an luach reatha a ríomh.

Tagairtí cuir in eagar

  1. http://www.oxforddictionaries.com/Oxford[nasc briste go buan] Dictionaries}
  2. http://dictionary.cambridge.org/Cambridge[nasc briste go buan] Dictionary