Bhí Ronald D. Laing,R.D. Laing de ghnáth, ina shíciatraí clúiteach sa Bhreatain (7 Deireadh Fómhair 1927 i nGlaschú - 23 Lúnasa 1989).

Infotaula de personaR.D. Laing

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Ronald David Laing Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith7 Deireadh Fómhair 1927
Glaschú, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás23 Lúnasa 1989
61 bliana d'aois
Saint-Tropez, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Ghlaschú Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreSíciatracht
Gairmlia mileata, saighdiúir, síceolaí, existential therapist (en) Aistrigh, scríbhneoir neamhfhicsin, síciatraí, scríbhneoir leighis, síocanailísí Cuir in eagar ar Wikidata
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
PáistePaul Laing Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm1775456 Musicbrainz: 6ae91c45-b30d-48b9-806b-ee83a2bc845e Find a Grave: 79891039 Cuir in eagar ar Wikidata

Tar éis dintiúir i leigheas agus síciatracht a bhaint amach, d'oibrigh Laing san arm agus i ndiaidh sin in Ollscoil Ghlaschú go dtí gur fostaíodh é mar shíciatraí sa Tavistock Clinic i Londain.

Ceann de na rudaí ab aistí agus ba cheannródaí dá ndearnadh sé ná go ndeachaigh sé ag cónaí le hothair a bhí buailte le scitsifréine ar feadh tréimhse sách fada i dteach i Londain sa bhliain 1965. Rinneadh scannáin faoin eachtra seo sa bhliain 1972 ar a dtugtar Asylum (Tearmainn).

Sa bhliain chéanna, 1965, bhunaigh sé an Philadelphia Association leis an sprioc chun comhar leighis a chuir ar ghealtaigh i dtithe sábháilte sa chaoi nach mbeadh gá le cúraim dóibh in ospidéil síciatracha.

Fuair sé bás go tobann agus é ag imirt leadóige i St. Tropez san Fhrainc sa bhliain 1989.

A Chuid Oibre

cuir in eagar

Bhain an chuid ba chlúití dá chuid oibre le tréan iarracht an mhistéir a bhaineas le na tinneas inchinne troma a dhíbirt. Bhí sé den tuairim go raibh na tinnis seo intuigthe i gcomhthéacs saoil, sa chaidreamh teaghlaigh agus sa tsochaí ina raibh an t-othar suite.

Scríobh sé roinnt mhaith leabhar ar an ábhar seo - ina measc, The Divided Self, 1960 (An Duine Féin Roinnte) agus The Politics of Experience, 1967. (Polaitíocht na Taithí).

Thug an síceaolaí clúitach Albanach, R.D. Laing (1927-1989) cuairt ar Cheanada cúpla bliain sula bhfuair sé bás.[1] Rinneadh fístéipeáil ar na ceardlanna agus seimineáir a thug sé. Thug sé cur síos ar eachtra amháin mar seo a leanas: lá amháin bhí sé ag roinnt scéalta greannmhara le hothar a bhí faoin chúram don dúlagar. Ag deireadh na gcaoga nóiméad léim an t-othar go sona i dtreo an dorais, chomh sásta le píobaire, ansin stop sé amhail is dá mbeadh mearbhall air, chas ar ais chuig Laing agus, ag smaoineamh go b’fhéidir nach bhfuair sé luach a chuid airgid, dúirt, “Ach tháinig mé anseo chun labhairt faoi mo dhúlagar!”, agus d’fhreagair Laing leis, “Smaoinigh air seo: cá raibh do dhúlagar don chaoga nóiméad a fhad is a dhríomar ar rud éigin eile?”[1]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 An Dr. Gerard Blanche / ncge.ie (2014). "https://www.ncge.ie/sites/default/files/resources/NCGE-PP-Self-Care-Calm-Living-GA.pdf". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-08-23. Dáta rochtana: 2021.