Is rang tacsanomaíoch í Radiata a bhí in úsáid chun ainmhithe ga-shiméadracha a rangú. Ní ghlactar leis an téarma Radiata a thuilleadh, toisc gur chuir sé roinnt grúpaí ainmhithe éagsúla lena chéile, nach bhfuil ina ghrúpa monaifíléiteach faoi thuairimí reatha na fíligineachta ainmhithe.[1] Glactar anois nach raibh i gceist leis na cosúlachtaí a cuireadh chun cinn mar fhianaise leis an rang ach míthuiscint ar na luath-thaighdeoirí, nó sampla den éabhlóid choinbhéirseach. Dá bharr sin, ní úsáidtear an téarma de ghnáth ach i gcomhthéacs stairiúil anois.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoRadiata Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
Luach ar iarraidhRadiata Cuir in eagar ar Wikidata

Go luath sa 19ú céad, chuir Georges Cuvier na Cnidaria agus na Ctenophora le chéila sna Radiata.[2] D'ath-shainmhínigh Thomas Cavalier-Smith na Radiata, sa bhliain 1983, mar fo-ríocht comhdhéanta de Myxozoa, Placozoa, Cnidaria agus Ctenophora.[3] Ina dhiaidh sin, d'ath-shainmhínigh Lynn Margulis agus K.V. Schwartz na Riadata i n-aicmiú na Cúig Ríocht, an tráth seo ag cuimsiú Cnidaria agus Ctenophora amháin.[4]

Cé go nglactar le ga-shiméadracht, de ghnáth, mar thréith a shainmhíníonn na hainmhithe atá aicmithe sa ghrúpa seo, tá eisceachtaí agus cáilíochtaí soiléire ann. Mar shampla, léiríonn na Echinoderma siméadracht dhéthaobhach go cinnte mar larbhaí. Taispeánann na Ctenophora siméadracht dé-radúil nó rothlach, arna sainmhíniú le haiseanna craobhógacha agus faraingeacha, ar a bhfuil dhá canálach anasach lonnaithe in dhá cheathramhán go lárlíneacht óna chéile.[5] Tá roinnt speiceas laistigh den aicme Cnidaria, na hAnthozoa, siméadracht dhéthaobhach (Mar shampla, Nematostella vectensis). Tá sé ráite go bhféadfadh sé gur tharla siméadrac go déthaobhacha chun cinn roimh an scoilt idir Cnidaria agus Bilateria, agus gur fhorbair na cnidarians, atá siméadracht dé-radúil, go tánaisteach, rud a chiallaíonn go bhfuil bunús príomhúil leis an déthaobhacht i speicis na gCnidarian, cosúil le N. vectensis.[6]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hadzi, J (1963). "The Evolution of the Metazoa": 56–57. New York, NY, USA: The Macmillan Company. 
  2. Cuvier, Georges (1817). "Le Règne Animal Distribué Selon son Organisation, pour Servir de Base à l’Histoire Naturelle des Animaux et d’Introduction à l’Anatomie Comparée". Paris: Déterville. 
  3. Cavalier-Smith, T (1983). "A 6-kingdom classification and a unified phylogeny. in Endocytobiology II": 1027–1034. Walter De Gruyter Inc. 
  4. Margulis, Lynn (1988). "Five Kingdoms: An illustrated Guide to the Phyla of Life on Earth". New York, NY, USA: W. H. FREEMAN AND COMPANY. 
  5. Martindale, Mark (September 2002). "The Radiata and the evolutionary origins of the bilaterian body plan". Molecular Phylogenetics and Evolution 24 (3): 358–365. doi:10.1016/s1055-7903(02)00208-7. 
  6. Finnerty, JR (28 May 2004). "Origins of bilateral symmetry: Hox and dpp expression in a sea anemone". Science 304 (5675): 1335–1337. doi:10.1126/science.1091946.