Reilig chogaidh Gearmánach Ghleann Crí
Tá Reilig Cogaidh na Gearmáine Ghleann Crí (Gearmáinis: Deutscher Soldatenfriedhof Glencree) suite i ngleann Gleann Crí, Contae Chill Mhantáin, Éire.
Reilig chogaidh Gearmánach Ghleann Crí | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Reilig chogaidh | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Gleann Crí, Éire | |||
| ||||
Gníomhaíocht | ||||
Oibreoir | German War Graves Commission (en) | |||
Tiomnaíodh an reilig ar 9 Iúil 1961. Tá 134 uaigh ann. Is pearsanna Luftwaffe (Aerfórsa) nó Kriegsmarine (Cabhlach) dun chuid is mó. Aithnítear caoga a trí, ní fios 28. Sé chorp iad príosúnaigh chogaidh sa Chéad Chogadh Domhanda a bhí i seilbh na Breataine. Ba ea daichead a sé[1] dóibh choimeádaithe sibhialtach Gearmánacha a bhí á seoladh ón mBreatain go Ceanada le haghaidh imtheorannaithe nuair rinne toirpéad a scaoileadh ar a long, SS Arandora Star ag U-bhád Gearmánach, U-47, amach ó Thoraigh, Contae Dhún na nGall, i mí Iúil 1940. Tá an Dr Hermann Görtz, spiaire Abwehr, curtha ansin freisin. Rinne an Dr Görtz féinmharú tar éis an chogaidh nuair a cuireadh in iúl dó go ndéanfaí é a dhíbirt; bhí faitíos air go dtabharfaí don Aontas Sóivéadach é.
Tá an reilig á riar ag Coimisiún Uaigheanna Cogaidh na Gearmáine (Volksbund Deutsche Kriegsgräberfürsorge).[2]
Taobh leis an reilig, ar bhruach Abhainn Ghleann Crí, is féidir teacht ar charraig Aifrinn trí chosán caol cois abhann.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Ireland's Only German War Cemetery” (en). Atlas Obscura. Dáta rochtana: 2021-07-20.
- ↑ "German War Graves Commission homepage (in English)". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-10-02. Dáta rochtana: 2024-05-02.