Richard Bartlett (cartagrafaí)

cartagrafaí Sasanach

Cairtghrafaí suntasach le linn Eilís I ba ea Richard Bartlett (fl. 1600). Ba Shasanach é agus rinne sé cuid de na seanléarscáileanna agus na líníochtaí is fearr a d’eascair ó Éirinn mar chuid den fheachtas míleata agus plandála a bhí ar bun ag an am.

Infotaula de personaRichard Bartlett
Gníomhaíocht
Gairmcartagrafaí Cuir in eagar ar Wikidata
Mionghné de léarscáil de Chúige Uladh a rinne Richard Bartlett sa bhliain 1602 agus gairm Uí Néill le feiceáil ann ar an Tulach Óg. Tá duine de mhuintir Uí Chatháin ag tógáil leathbhróige os cionn an Rí mar dheasghnáth.
Mionghné de léarscáil de Chúige Uladh a rinne Richard Bartlett sa bhliain 1602: crannóg i loch agus í á cosaint; tithe, coillte agus ráth; dúnfort Sasanach; cathaoir ghairme an taoisigh.

Is beag eolas atá ann ar shaol Bartlett ach meastar gur rugadh é in Norfolk in East Anglia. Chaith sé tamall sa Spáinn (b’fhéidir gur Chaitliceach é). Mar áiseanna míleata a rinne sé an chuid is mó de na léarscáileanna agus eile a tháinig óna láimh: is minic dúnfoirt agus caisleáin le fáil iontu, mar bhí sé ag leanúint fheachtas Mountjoy (1600-1601), agus chuaigh sé ó dheas chun léarscáil a dhéanamh d’imshuí Chionn tSáile. I nGaeilge atá 80% dá chuid téarmaíochta. Sholáthair sé naoi saothair déag ar a laghad.

Ar nós cartagrafaithe eile dá leithéid, ba mhaith leis íomhánna beaga beoga a chur isteach ian shaothar: deatach ag éirí as simnéanna, lachain, fear ag dul trasna an mhóta ag Achadh an Dá Chora.

Fuair sé bás i dTír Chonaill am éigin idir 1603 agus 1609. Mar a dúirt an tArd-Aighne Sir John Davies:

"when he came to Tyrconnell the inhabitants took off his head, because they would not have their country discovered".

Tagairtí cuir in eagar

  • Andrews, J.H. (2009). The Queen’s Last Map-Maker: Richard Bartlett in Ireland, 1600–3. Geography Publications. ISBN 978-0-906602-43-0

Naisc cuir in eagar

Francis Jobson (cartagrafaí)