Sasanach de bhunadh na hÉireann ab ea Richard Henry Geoghegan (8 Eanáir, 1866 - 27 Deireadh Fómhair, 1943). Mar fhear óg, bhí cónaí air ar feadh tamaill i Stát Washington, i Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM, agus ansin, bhog sé go dtí Alasca, a bhí ansin ina chríoch de chuid SAM). Ba litríochtchara iontach é agus is cosúil gurb é an chéad Esperantach ag a raibh Béarla mar mháthair theanga aige.

Infotaula de personaRichard H. Geoghegan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Richard Henry Geoghegan
8 Eanáir 1866
Birkenhead, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Deireadh Fómhair 1943
77 bliana d'aois
Fairbanks, Alasca, Alaska Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheSasana
Gníomhaíocht
GairmEasparantóir (1887–), focleolaí, aistritheoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaEsperanto agus Béarla

A shaol i Sasana cuir in eagar

Nuair a bhí sé 3 bliana d'aois, thit se ar an staighre sa bhaile, agus mar thoradh ar an eachtra seo, bhí sé craplaithe ar feadh a shaoil, ag siúl le deacracht agus go minic le cúnamh a shlat siúil. Amhail is go raibh sé mar chúiteamh as a chuid bhaic fhisiciúil, ó aois óg thaispeáin sé cumas intleachtúil neamhghnách, go háirithe i bhfoghlaim teangacha. Timpeall na haoise 17, thosaigh sé ag cur spéise i gcórais scríbhinn an Oirthir agus chláraigh sé le hOllscoil Oxford, i mí Eanáir 1884, chun staidéar a dhéanamh ar theanga na Sínise. Léirigh sé é féin mar mhac léinn den scoth, ag bhaint dámhachtainí scoláireachta amach faoi dhó, ach níor bhain sé riamh céim amach. San Ollscoil Oxford, d'fhan an tSínis ina réimse staidéir neamhdhioplóma go dtí 1936.