Rinn an Róistigh
Tá Rinn an Róistigh (Béarla: Roche's Point) suite ar bhéal Chuan Chorcaí, in Éirinn. Tá teach solais ann ón mbliain 1817 chun cabhrú leis na mairnéalaigh a bhíonn ag taisteal go Corcaigh. Nuair a tháinig an RMS Titanic go Corcaigh sa bhliain 1912 chun daoine a bhailiú ón gCóbh (Queenstown ag an am) stop an long ag Rinn an Róistigh, agus tháinig bád níos lú amach chuig an Titanic le paisinéirí. Is ceantar beag é tuairim is 40 míle ó Chathair Chorcaí.
Rinn an Róistigh | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Teach solais | |||
Foirgníocht | 1835 | |||
Dáta na hoscailte oifigiúla | 4 Meitheamh 1817 | |||
Tomhas | 15 () m | |||
Raon teach solais | bán: 20 nmi dearg: 16 nmi | |||
Airde fócasach | 30 m | |||
Tréith solais | Fl WR 3s | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Chorcaí, Éire | |||
| ||||
An Teach Solais
cuir in eagarTógadh an teach solais sa bhliain 1817. Sa bhliain 1864 cuireadh clog ann mar rabhadh do mhairnéalaigh i rith drochaimsire agus nuair a bhí ceo ann. Cuireadh Diaphone ann sa bhliain 1949 mar bhonnán ceo. Baineadh na hoibrithe sa bhliain 1995 nuair a rinneadh teach solais uathoibríoch as. Cuireadh bonnán ceo leictreach ann in ionad an Diaphone le raon ceithre mhuirmhíle. Cuireadh deireadh le gach bonnán ceo in Éirinn ar 11 Eanáir, 2011 mar gheall ar theicneolaíocht nua. Bíonn splanc ag an solas uair amháin gach trí soicind i rith na hoíche agus nuair a bhíonn an infheictheacht lag. Tá raon 20 muirmhíle ar an solas. Tá Coimisinéirí Soilse na hÉireann i gceannas na dtithe solais in Éirinn. Tá sé i gceist ag Coimisinéirí Soilse na hÉireann an solas leictreach a athrú go ceann LED i Mí Feabhra 2018. Beidh an solas nua suite istigh sa lionsa Fresnel traidisiúnta chun an raon fada a choimeád.
Tagairtí
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarIs síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |