Bhí Risteard I nó Risteard Leonchroí (8 Meán Fómhair 1157 – 6 Aibreán 1199 ) mar ab fhearr aithne air, ina rí ar Shasana agus ina cheannaire ar an Impireacht Ainsivíneach ó 6 Iúil 1189 go lá a bháis. Tháinig sé i gcomharbacht ar a athair, Anraí II .
Risteard I Shasana Ainm sa teanga dhúchais (en) Richard the Lionheart (oc) Ricard Còr de Leon (fr) Richard Cœur de Lion Breith 8 Meán Fómhair 1157Oxford, England Bás 6 Aibreán 1199 41 bliana d'aoisChâlus, An Fhrainc Siocair bháis Dúnbhású (Morgadh )Áit adhlactha Fontevraud Abbey (en) Monarc Ríocht Shasana
3 Meán Fómhair 1189 – 6 Aibreán 1199 (bás in oifig ) ← Anraí II Shasana – Eoin Shasana → Diúc na Normainne 3 Meán Fómhair 1189 – 6 Aibreán 1199 (bás in oifig ) ← Anraí II Shasana – Eoin Shasana → Cunta Anjou
Rí an Impireacht Ainsivíneach Duke of Gascony (en)
Diúc na hAcatáine Count of Maine (en)
Cunta Poitiers
Reiligiún Caitliceachas Gairm monarc Teangacha An Laidin , Sean-Fhraincis agus an Ocsatáinis Céim mhíleata ridire Teideal uasal Diúc Cunta Anjou Teaghlach Teaghlach na bPlantaigíneach Céile Berengaria Navarre (1191, 1191 (Féilire Ghréagóra) –1199) Páirtí Joan de St. Pol (en) NN (en) Páiste Philip Cognac , leanbh a saolaíodh lasmuigh de chuing an phósta ( NN (en) ) Fulk (?) ( Joan de St. Pol (en) ) Athair Anraí II Shasana agus Eleanor na hAcatáine Siblín Eoin Shasana , William Longespée, 3ú hIarla Salisbury , Geoffrey , Hendrik de Jongere , Geoffrey II , William IX, Cunta Poitiers , Morgan , Eleanor Shasana , Joan Shasana , Matilda Shasana, Bandiúc na Sacsaine , Alice na Fraince agus Máire na Fraince, Cuntaois Champagne Duine muinteartha Henri XII de Bavière (deartháir céile )Alfonso VIII (fear céile a d(h)eirféar )Anraí I na Caistíle (nia )Sancho VII Navarre (wife's brother (en) ) 6 Aibreán 1199 death of richard I of England (en)
Bhí cáil na calmachta air, agus chaith sé tamall fada ag troid sna Crosáidí .
corónú (ó na 1200idí)
Fuair Risteard bás agus é ag cur caisleáin faoi léigear, gar do Limoges sa Fhrainc . Buaileadh le saighead crosbhogha é idir a mhuineál agus a ghualainn chlé agus tháinig morgadh ar an gcneá.[ 1]
ina "chodladh" i Fontevraud[ 2] sa Fhrainc inniu
séalaː "RICHARDUS DUX NORMANNORUM ET AQUITANORUM ET COMES ANDEGAVORUM "
Sula bhfuair sé bás, d'iarr sé ar a oifigigh gan an fear óg (nó "buachaill') a scaoil an tsaighead a chrochadh nuair a bheadh deireadh leis an léigear, toisc go raibh meas aige ar urchar an fhir ar éirigh leis an rí a bhualadh. Cé gur comhlíonadh mian Risteaird nach gcrochfaí an saighdeoir a bhí i gceist, níor éirigh leis an bhfear féin teacht slán agus maraíodh é trí fheannadh i ndeireadh na dála.
Tháinig deartháir níos óige leis, Eoin I , i gcomharbacht air.