Rollóir Eorpach

speiceas éan

Is éan é an rollóir Eorpach.[1](Coracias garrulus). Is baill d'fhine na Coraciidae é agus an t-aon bhall den fhine a phóraíonn san Eoraip. Síneann a raon foriomlán isteach sa Mheánoirthear, Lár na hÁise agus i Maracó.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoRollóir Eorpach
Coracias garrulus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Meánlíon in ál4.2 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse ghoir18 laethanta Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN22682860 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeAves
OrdCoraciiformes
FineCoraciidae
GéineasCoracias
SpeiceasCoracias garrulus Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1758
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Tá an rollóir Eorpach le fáil i réimse leathan gnáthóg, ag seachaint machairí gan crainn amháin. Geimhríonn sé go príomha i sabhánaí coillteacha tirime agus i machairí torracha, áit a neadaíonn sé de ghnáth i bpoill chrainn.

Tacsanomaíocht agus córasaíocht

cuir in eagar

Is éin mheánmhéide an tseandomhain iad na rollóirí de ghnáthóga coillearnaí oscailte. Bíonn clúimh dhaite gheala orthu agus goba crúca. Faightear a bhformhór ó dheas ón Sahára. Tá ocht speiceas de shealgairí 'suí-agus-fanacht' sa ghéineas Coracias. Tá cuma agus iompar an rollóra Eorpaigh cosúil leis an rollóir Aibisíneach (Coracias abyssinicus), ar dealraitheach gurb é an gaol is gaire dó. Is cosúil go bhfuil sinsear coitianta ag an dá éan seo agus an cág earrfhada (Coracias caudatus) agus d’fhéadfaí a mheas go bhfuil siad ina bhfo-speiceas.[2]

  1. “Coracias garrulus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hoyo, Josep del: "Coraciidae". Handbook of the Birds of the World Alive. Teimpléad:Subscription required.