Séamus Ó Néill

scríbhneoir Éireannach

Scríbhneoir Éireannach ó Chaisleán Uidhilín, Contae an Dúin, ab ea Séamus Ó Néill (21 Bealtaine 19102 Meitheamh 1981).[1]

Infotaula de personaSéamus Ó Néill
Beathaisnéis
Breith1910
Caisleán Uidhilín, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1981
70/71 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona, Béal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Saol cuir in eagar

Bhain sé bunchéim amach in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste, agus ansin rinne sé taighde i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath faoi stiúir Eoin Mhic Néill. D'fhrestail sé ar ollscoil in Innsbruck na hOstaire freisin. Ghlac sé post ag múineadh i gColáiste Carysfort. Chaith sé tréimhsí mar eagarthóir ar An Iris agus Comhar.

Saothar cuir in eagar

Príomhalt: Subh Milis

Is é Subh Milis an dán is cáiliúla dár chum Ó Néill. Scríobh sé gearrscéalta don aos óg (An Seansaighdiúir) agus úrscéalta, go háirithe Máire Nic Artáin, leabhar soléite i nGaeilge Uladh den chéad scoth a ríomhann scéal grá an chailín Chaitlicigh agus an bhuachalla Phrotastúnaigh i mBaile Átha Cliath i dtús na 20ú haoise.

Saothar cuir in eagar

  • An Sean-saighdiúir agus Scéalta Eile, 1945.
  • An iris/eagarth, 1945-1946.
  • Colm Cille : drama i gceithre radharcanna, 1946.
  • Tonn tuile (Tidal Wave), úrscéal, Sáirséal agus Dill, 1947.
  • Dánta, roimh-1949;
  • Iomramh an Ousel (The Voyage of the Ousel), Dánta, roimh-1949;
  • Buaidh an Ultaigh, Dráma, pre-1949;
  • Díolta Faoina Luach, Dráma, pre-1949;
  • Ní Chuireann Siad Síol, Dráma, pre-1949;
  • Dánta do pháistí, 1949.
  • Súil timpeall (Eye Around), Aiste, 1951.
  • Up the Rebels, Oifig an tSoláthair, 1954. Trans. Doiminic Ó Ceallaigh.
  • Ag baint fraochán : agus scéalta eile 1955

Foinsí cuir in eagar

  • Máire Nic Artáin (Maire McCartan), úrscéal, Cló Morainn, 1959.
  • Iníon Rí Dhún Sobhairce : tragóid trí ghníomh, 1967.
  • Faill ar an bhFeart : dráma trí ghníomh, c.1970.
  • An tSiúr Pól : dráma trí ghníomh, c.1973.
  • Rún an Oileáin ,1975. Dráma a léiríodh ar stáitse Halla Damer, Baile Átha Cliath 5-10 Meitheamh, 1961.
  • Iníon rí na Spáinne, 1978.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Séamus Ó Néill", Ainm.ie