Séimhiú
I dteangeolaíocht na Gaeilge, is éard is séimhiú ann ná athrú a chuirtear i bhfeidhm ar chonsain i gcomhthéacsanna comhréireacha áirithe. Mar shampla, deirtear “ciall” /ciəl̪ˠ/, ach “mo chiall” /mˠə ˈçiəl̪ˠ/, leis an consan cuimilteach /ç/ in áit an chonsain phléascaigh /c/. Sa teangeolaíocht go ginearálta, tá an scéal beagáinín casta ó thaobh téarmaíochta de. Úsáidtear an téarma “séimhiú” ar choincheap i bhfad níos leithne, ar aon athrú a dhéanann consan níos sonda. Cuimsíonn sé seo séimhiú na Gaeilge, ach cuimsíonn sé freisin an t-athrú tosaigh ar a dtugtar an t-urú i nGaeilge, rud a d'fhéadfadh mearbhall a chur ar chainteoirí Gaeilge atá ag plé le cúrsaí teangeolaíochta.
/b/ | → /w/ nó /v/ | bán /bˠɑːn̪ˠ/ → fuinneog bhán /fˠɪ.n̠ʲoːɟ wɑːn̪ˠ/ nó /fˠɪ.ˈnʲoːɟ vˠɑːn̪ˠ/ |
/bʲ/ | → /vʲ/ | bean /bʲan̪ˠ/ → an bhean /ən̪ˠ vʲan̪ˠ/ |
/k/ | → /x/ | caol /kiːl̪ˠ/ → an-chaol /an̪ˠ.ˈxiːl̪ˠ/ |
/c/ | → /ç/ | ciall /ciəl̪ˠ/ → mo chiall /mˠə ˈçiəl̪ˠ/ |
/d̪/ | → /ɣ/ | dún /d̪ˠuːn̠ʲ/ → dhún /ɣuːn̠ʲ/ |
/d̠ʲ/ | → /ʝ/ | díol /d̠ʲiːl̪ˠ/ → dhíol /ʝiːl̪ˠ/ |
/ɡ/ | → /ɣ/ | gaol /ɡiːl̪ˠ/ → mo ghaol /mˠə ˈɣiːl̪ˠ/ |
/ɟ/ | → /ʝ/ | gé /ɟeː/ → a ghé /ə ˈʝeː/ |
/m/ | → /w/ nó /v/ | mór /mˠoːɾˠ/ → an-mhór /an̪ˠ.ˈwoːɾˠ/ nó /an̪ˠ.ˈvˠoːɾˠ/ |
/mʲ/ | → /vʲ/ | mic /mʲɪc/ → a mhic /ə ˈvʲɪc/ |
/pˠ/ | → /fˠ/ | poc /pˠʌk/ → phoc /fˠʌk/ |
/pʲ/ | → /fʲ/ | pioc /pʲʊk/ → phioc /fʲʊk/ |
/sˠ/ | → /hˠ/ | suíochán /sˠiː.xɑːn̪ˠ/ → mo shuíochán /mˠə ˈhˠiː.xɑːn̪ˠ/ |
/ɕ/ | → /hʲ/ | Seán /ɕɑːn̪ˠ/ → a Sheáin /ə ˈhʲɑːn̠ʲ/ |
/t̪ˠ/ | → /hˠ/ | tóg /t̪ˠoːɟ/ → thóg /hˠoːɟ/ |
/t̠ʲ/ | → /hˠ/ | tit /t̠ʲɪt̠ʲ/ → thit /hˠɪt̠ʲ/ |
/f/ | → Ø | fág /fˠɑːɡ/ → d'fhág /d̪ˠɑːɡ/ |